Béaloideas Ghinerálta

Cathair Conroí agus Sgéalta eile

Séamus Ua Duabhghaill.

Connradh na Gaedhilge. B.Á.C. 1923. 72 leathanach.

Tá sé cinn de ghearrscéalta ón mBéaloideas curtha ag Tadhg Méith sa leabhar seo, is scéalta simplí go maith atá i gceist. Maraon leis na scéalta tá sraith ó pheann Shéamuis Ui Dhubhghaill.

Rí na mBréag

Pádraig Ó Laoghaire

Connradh na Gaedhilge, 1905, 8 leathanach

Scéal é 'Rí na mBréag' a bhí le fáil sa Bhéaloideas i dtrí cinn de chanúintí na Gaeilge. Seo leagan gearr a fuair Pádraig Ó Laoghaire i gCúige Mumhan. Chuir Seosamh Laoide an scéal in eagar mar a chuid d'fhoilsiúcháin Chonradh na Gaeilge ag tús an chéid. Tá fonótaí leis agus aguisin ar chúl an leabhair.

Cloch Cheann Fhaolaidh

Cloich Cheann Fhaolaidh01

Séamus Ó Searcaigh. MH Gill agus a Mhac, Baile Átha Cliath, 1911. 120 Leathanach.

Stair áitiúil atá bainteach le ceantar Chloch Cheann Fhaolaidh go mór mhór. Tá amhráin, filíocht agus scéalta ann ó Dhún na nGall (Tír Chonaill). Tá píosa ar Árd Scoil Cholmcille agus Oileán Thoraigh.

Cnó Coilleadh Craobhaighe

Rev. M. Sheehan, M.A..,D.Ph

M. H. Gill & Son, Ltd. 1907. 111 leathanach

Caint idir daoine atá sa leabhar seo. Tá na leaganacha cainte tógtha as leabhar dár teideal 'Sean Chaint na nDéise' a foilsíodh sa bhliain 1906.

Seachrán Chairn tSiadhail

Micheal Ua hÍr, Seosamh Laoide agus Na hUltaigh do chur i n-eagar.

Connradh na Gaedhilge B.Á.C. 1904. 156 leathanach.

Tá cur síos déanta sa leabhar seo ar roinnt bheag de na hamhráin saothair agus na scéalta seanachais. Is ar na briathra, na logaimneacha agus brí na bhfocal a leagtar an bhéim sa leabhar.

Tonn Tóime

Seosamh Laoide "Mac Tíre ná Páirce" do chnuasaigh

Connradh na Gaedhilge, 1915, 162 leathanach.

Bailiúchán de shean phisreoga, seanscéalta, seancheisteanna, seanfhocail agus dánta ó Chiarraí atá sa leabhar seo.

Me Guidhir Fhearmanach

An tAthair Pádraig Ó Duinnín

M.H. Gill agus a Mhac, Teor. do Chumann Buanchoimeádtha Na Gaedhilge. 1917, 136 leathanach.

I mí na Márta 1716 scríobh Sean Mac Ghabhran an cuntas seo. Bhunaigh sé an cuntas ar shean ábhar taghtha anuas ón Ollamh le seanchas ag na Taoisigh Mac Guidhir, sa triú aois déag. Is cuntas é seo ar bheatha bheirt mhac le Donn Mór Mac Ghuidhir.


Next - Béaloideas Ghinerálta IInext