Drámaí IV

Bean an Bhrait Bháin

Mícheál Ó Gríobhtha. Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo. 1928, 37 leathanach.

Dráma dhá ghníomh atá anseo ina ndéantar cur síos ar bhean an bhrait bháin mar 'anam ag cur Purgadóireachta dhi'. Ghlac an Roinn Oideachais leis mar théacs a bheadh feiliúnach sna meánscoileanna. Tá gluais leis. Tá cuma nua-aimseartha ar an leabhar leis an gcló nua agus pictiúr daite scanrúil ar an gclúdach. Sa saothar seo castar Seanán, fear tuaithe, a bhean agus a mhac Setanta orainn chomh maith le Aoibheall, 'Banríon na Sidheog' agus an 'Sluagh Sidhe.'

An Fóghmhar

 

An tAthair Tomás Ua Ceallaigh ("Íbh Máine")

M.H. Gill agus a Mhac, Teor., 1924, 62 leathanach.

Dráma trí ghníomh le ceathrar fear agus triúr ban. Tárlaíonn na heachtraí in Iar-Thuaisceart na nÉireann.

Pleusgadh na Bulgóide (The Bursting of the Bubble)

An Craoibhín Aoibhín (Dúbhglas de hÍde). Gill agus a mhac, Sráid Uí Chonaill, 34 leathanach.

Tá an cómhrá i nGaeilge agus i mBéarla. Is cúrsaí teangan atá i gceist. Tá an tSean Bhean Bhocth ann. Tá leagan Béarla ar íochtar an leathanaigh.


previousPrevious - Drámaí III