Filíocht II

Cuaichín Draoidheachta

 

Tomás Ó Rathaille, Bráthair, do cheap, T. O Sullivan do mhaisigh. Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1928. 63 leathanach.

Dánta i gcoir Scoileanna agus Coláistí. "dánta simplí chun mo chion féin a dhéanamh chun cabhrú leis an nGaeilge".


 

Dánta Sheain Uí Mhurchadha Na Ráithíneach

Tadhg Ó Donnchadha do chuir i neagar. Connradh Na Gaedhilge B.Á.C. 1907. 229 leathanach.

File agus scríbhneóir ab ea Seán Uí Mhurchadha a rugadh sa bhliain 1700. Tá go leor eolais tugtha sa leabhar seo faoin bhfile agus a shaothar. Tá caointe, Amhráin Diadha, Amhráin Ghrá agus Amhráin Cháinte sa leabhar chomh maith le ainmneacha na leabhar a scríobh sé. Tá tagra agus foclóir istigh.
 

Tuaim Inbhear agus Dánta eile

Micheál Ó Murchú. Clólucht an Tálbóidigh, Teor., 85 Sráid an Tálbóidigh. 1923. 44 leathanach, le nótaí.

Tá cuid de na dánta faoi shéasúir na bliana, Nollaig, Cáisc &rl. Tá amhráin Chaointe; 'Caoineadh Chathail Brugha', 'Caoineadh Thomáis Mhic Churtain'. Tá cheithre dhán ón bhFraincís.

 

Measgra Dánta

 

Eagarthóir: Thomas F. O Rahilly. Cork University Press, Educational Co. of Ireland, Dublin, Cork. 1927, 120 leathanach.

Tá dánta sa bhailiúchán seo ón 12ú haois go dtí an 19ú aois, cuid acu ó fhilí aitheanta. Tá téamaí na ndánta an-éagsúil óna chéile. Tá cairdeas, bochtanas agus áilleacht an nádúir i measc na dtéarmaí. Bhain an t-eagarthóir úsáid as na bailiucháin lamhscríbhinní atá i seilbh acadamh Ríoga na hÉireann agus Colaiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

 

Duanaire na Macaomh

 

Tomás Ó Flannghaile, Eag. M.H. Gill & a Mhac, Teo. 1910, 267 leathanach.

Tá dhá scór dán sa leabhar seo. Baineann naoi gcinn leis an bhFiannaíocht. Ní fios cé chum aon cheann déag eile. Cumadh scór sa 17ú aois agus 18ú aois agus tá ainmneacha a n-údair leo. Tá na dánta go léir ó leathanach a haon go dtí leathanach a seasca. San gcuid eile den leabhar tá cur sios ar na dánta as Béarla. Tá mion-fhoclóir ag deireadh an leabhair.

Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse

 

Thomas F. Ó'Rahilly, M.A. do bhailigh agus do chur in eagar.

The Talbot Press Limited, 85 Talbot Street, B.Á.C. 1921. 114 leathanach.

Insíonn an t-údar dúinn go bhfuil go leor dánfhocail ins na lámhscríbhinní Gaeilge. Úsáideadh iad chun spás folamh a líonadh ach is údar spéise iontú féin iad. Bhailigh Ó Rahilly cuid acu agus chuir iad i gcló sa leabhar seo. Ta nótaí agus sanas leis.


previousPrevious - Filíocht
Next - Filíocht IIInext