Finscéalta

Gormfhlaith

Gormfhlaith01
Public Domain

Tomás ua Conceannainn

Connradh na Gaedhilge. Baile Átha Cliath, 1905.

Sean scéilín álainn faoi 'Gormfhlaith', iníon le Flann Sionna. Bhí Flann ina Rí ar Éirinn sa bhliain 930 A.D. Bhí sí geallta do thrí rí agus bhí sí pósta le beirt acu. Bhí sí léannta, foghlamtha agus maisiúil. Bhí socrú déanta go bpósfadh sí Cormac, Rí óg na Mumhan, a raibh cónaí air i gCaiseal i dTriobrad Árainn, ach thoiligh seisan dul le sagartacht in áit pósadh. Bhí sé ina Árd Easpag ar chaiseal ina dhiaidh sin.

Niamh

An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Muintir na Leabhar Gaedhilge, BAC, 1907, Leathnaigh 357.

Ba iníon í Niamh le Tadhg Mór Uí Cheallaigh. D'iarr Murchaidh uirthi teacht go Ceann Cora chun Brian Bóramha a chosaint ar a bhean Gormfhlaith. Is cosúil go raibh Gormfhlaith ag smaoineamh deireadh a chur le Brian agus taobhadh leis na Lochlanaigh in choinne.

Insíonn an t-úrscéal seo stáir Bhrian Bóramha, a comhluadar agus a chuid Laochra agus a bhás ag Cath Cluain Tarbh. Is cosúil go raibh Niamh í féin ag Cath Chluain Tarbh. Bhi sí go mór i ngrá le fear darbh ainm Connla agus chuardaigh sí ansin é. Tháinig sí ar chorp Chonnla sa deireadh agus ghol sí go fras ós a chionn. Chuaigh Niamh arais ansin go Cill Dara áit a ndeacha sí isteach i gClochar le mná naomhtha eile. Is ansin i gCill Dara a bhásaigh Niamh ina dhiaidh sin.

Scéaluidhe Éireann

"An Connachtach Céasta" do chuir i n-eagar

M.H. Mac Ghuill agus a Mhac, Teo. B.Á.C. 1922, 71 leathanach.

Tá dhá scéal déag fiannaíochta sa leabhar seo, iad tógtha ó Chúige Chonnacht, Chúige Mumhan agus Chúige Uladh.

Cath Fionntrágha

Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac)

Connradh na Gaedhilge, BAC, 1913.Le foclóir agus clár inniste pearsan.

'Aith-Innsint ar an Seinsgéal ar Gaedhilg na haimsire seo'.

Cur síos ar Chath Fionntrágha, idir Fianna Éireann agus Rí an Domhain. Tá Fionntrágha in Iarthar Chorca Duibhne.


Next - Finscéalta IInext