Finscéalta III

Tóraidheacht an Ghiolla Dheacair

Pádraig Ó Siochfhradha (an Seabhac) a chur in eagar

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teo., 1939, 99 leathanach.

Scéal Fiannaíochta a bhfuil clú agus cáil air. Is sampla maith é an scéal seo chun tréithe agus stíl na scéalta Fiannaíochta a léiriú. Tá saibhreas insan nGaeilge a úsaidtear i bhfoirm focal agus nathanna cainte. Tá liosta de na cora-cainte a úsáidtear go forleathan sna scéalta Fiannaíochta sa leabhar chomh maith le foclóir. Leabhar speisiúil.


 

Cruach Chonaill

Seosamh Laoide

Clódhanna Teo ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, 1913. 180 leathanach.

Tá fiche agus a seacht finscéal gairid sa leabhar taitneamhach seo chomh maith le roinnt mhaith filíochta.

Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnigh.

Seosamh Laoide do chuir i n-eagar.

Clódhanna Teo. ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1911. 60 leathanach

Sean scéal Fiannaíochta ó Chontae Mhaigh Eo.

Ceithearnach Uí Dhomhnaill

Énrí Ua Muirgheasa a chur in eagar as láimhscríbhín Oirghiallaigh.

Connradh na Gaedhilge, 1911, 43 leathanach, le foclóir agus liosta ainmneacha atá luaite sa scéal.

Is scéal Ultach é seo a scríobh Pádraig Ó Pronntaigh Mhic Néill sa bhliain 1733. Ba tragóid nó gaiscíocht a bhí i bhfurmhór shean-scéalta na hÉireann ach is greann atá sa scéal seo.

Bhí leaganacha de in Albain, leaganacha b'fhéidir a tháinig de bharr muintir na nOileán Albanach a bheith i seirbhís 'Thaoisigh na hÉireann' sa tsean aimsir. Tá draíocht ag an gCeithearnach sa scéal seo agus tá sé ar a chumas an dubh a chur ina bhán ar chách. Tugann sé cuairt ar thithe móra na hÉireann. I gcaochadh na súl tá sé in ann a bheith imithe agus i láthair in áit éigin eile.

Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh

Seosamh Laoide

Connradh na Gaedhilge, 1907, 116 leathanach.

Scéal Rúraíochta atá anseo a dhéanann cur síos ar dhearg-ruathar agus díoltas Chonaill Chearnaigh. Conradh na Gaeilge a chuir an leabhar seo amach.
 

An Fiolar Fealltach

Pádraig Ó Laoghaire

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C.,1906. 20 leathanach.

Scéalta ó Chúíge Mumhan uilig atá sa leabhar seo. Is finscéal an-sean é 'An Fiolar Feallach'.


previousPrevious - Finscéalta II
Next - Finscéalta IVnext