Foghlaim na Gaeilge III

Brúth-Fá-Thír

Pádraig Ó Domhnalláin agus Tomás Ó Raghallaigh

M.H. mac Ghuill agus a Mhac, Teo., 50 Sráid Uí Chonaill Uach, B.Á.C. 136 leathanach.

Beannachtaí, comhrá, scéiliní gearra, gramadach agus cumadóireacht. Scríobhadh é do dhaltaí scoile agus múinteoirí.

Focla Gnótha agus a gCora Cainte

Tomás Ó Concheanainn "Tomás Bán"

Connradh na Gaedhilge, 1904, 29 leathanach.

Fuair Tomás Ó Concheanainn an chéad duais do na cora cainte seo a bhaineann le saol an ghnó in 'Oireachtas 1902'. Tá téarmaí ann a bhaineann le bancéireacht, comhfhreagras, cuntasaíocht agus saol an ghnó go ginearálta. Leabhar úsáideach le clár.

Ceachta Cainnte an Mhúinteóra

An Dochtúir Seaghán P. Mac Énri

M.H.Gill agus a Mhac, Teóranta, 50 Sráid Uach. U Chonaill, B.Á.C. 1908, 31 leathanach.

Noda agus ceachta cainte do mhúinteoirí ar an módh díreach. Tá meascán Gaeilge agus Béarla. Léirmheas ar an leabhar as paipéir na linne.

Treas Leabhar Gaedhilge na Bráthar gCriostamhail

M.H. Mac an Ghoill agus a Mhas, B.Á.C., 1911, 153 leathanach.

Na tuisil, na diochlaonadh, uimhreacha, an réamh-fhocal, an dobhriathar, sean nathanna, scéalta beaga, cómhrá agus céad ceist/freagra ag an deireadh.

Ceachta agus Comhradh ar Neithibh

Micheal Ua Dochartaigh, o.n.

M.H. Gill & a mhac, 1906, 105 Leathanach.

Scríobh an t-údar an leabhar seo do na scoileanna náisiúnta agus do chraobhacha do Chonradh na Gaeilge. Tá leagan Béarla den téacs Gaeilge chun an t-ábhar a dhéanamh nios éasca do thosaitheoirí.


previousPrevious - Foghlaim na Gaeilge II
Next - Foghlaim na Gaeilge IVnext