Foghlaim na Gaeilge VI

What does the Revival Of the Irish Language Mean?

Rev. Michael J. Phelan, S J.

The "Irish Messenger" Office, 5 Great Denmark Street, Dublin. 16 leathanach.

Cur síos ar an gceangal a bhí idir athbheochan ár dteanga dhúchais agus forbairt eacnamaíochta agus suime i gceol, amhráin agus i nDamhsa Gaelach. Sé an ráiteas a bhí acú "Ní Tír gan Teanga". Ag breathnú ar an gcaoi a dhéileáil náisiúin eile leis an rud céanna.

Leabhar Cainte

Séamus Ua Dubhghaill do scríobh, Stiophán Bairéad do chuir i nEagar.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1901. 172 leathanach.

Abairtí Gaeilge agus an t-aistriúchán i mBéarla ar an leathanach céanna. Tá an leabhar leagtha amach go maith agus éasca le leanacht. Tá comhrá faoi imeachtaí an lae, i dteach, ag obair, ar scoil, ag an gcúirt, béasa, beannú &rl. Tá liosta fada sean-fhocail ag deireadh an leabhair i nGaeilge agus aistrithe go Béarla. Bhain an leabhar an chéad duais i gcomórtas naoi déag, ag Oireachtas na bliana 1901.

Mion-Chomhrádh : Leabhar Cainte Gaedhilge-Béarla

Tomás Ua Concheanainn

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1903. 161 leathanach.

Abairtí cainte Gaedhilge-Béarla ar aon leathanach, faoi gach ceird, gach caitheamh aimsire & rl. Fuair an dara duais i gComórtas naoi déag ag Oireachtas na bliana 1901.

Studies in Modern Irish(Cuid IV): A critical analysis of Keating's Prose

The Rev. Gerald O' Nolan. M.A.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1922, 144 leathanach.

Tá anailís á dhéanamh sa leabhar seo ar scríbhneoireacht an Chéitinnigh. Tá athrú déanta ón tSean-Ghaeilge/Litriú 'sna píosaí a bhfuil tagairt déanta dóibh anseo. Tá léiriú tugtha ar bhotúin an Chéitinnigh, i.e. go leór athrá &rl.

Réiltíní Óir (Cuid a Dó)

An tAthair Seoirse Mac Clúin, Ollamh le Gaoluinn, Coláiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir.

Comhlucht Oideachas na hÉireann, 1922, 272 leathanach.

Míniú ar fhocail Ghaeilge atá san leabhar seo, m.sh. Rúircín, Rúitín, Scatrán, Ráineach, Raimpéar, Plána, Pionna, Spúr, Spriocaim, Lonna &rl. Tá tuairimí na Meáin ar Réiltíní Óir (cuid a haon) ag deireadh an leabhair. Tá moladh ó Aire Oideachais an ama sin, Micheál Ó hAodha, ann.


 

A Handbook of Modern Irish (Cuid a hAon)

Re-written and re-arranged so as to fit in with a course of oral lessons on the Direct Method.

An Dr. Seaghán P. Mac Énrí.

M.H. Gill & Son, Ltd., 1911, 146 Leathanach.

Tá foclóir Béarla/Gaeilge de fhocail nach bhfuil sa leabhar ach a bheadh úsáideach. Tá an leabhar féin i mBéarla agus i nGaeilge. Scríobhadh an leabhar do scoláirí agus do chraobhacha de Chonradh na Gaeilge, chun eolas níos fearr a chur ar an Teanga Ghaeilge. Tá go leor cleachtadh, ceisteanna agus samplaí gramadaigh san leabhar.

A Historical Reader of Old Irish

Texts, Paradigms, Notes and a complete Glossary.

Julius Pokorny, Ph.D., LL.D. a chur in eagar.

Halle (Saale) 1923, 97 leathanach.

Sa leabhar spéisiúil seo tá díolaim do théacsanna ón tSean-Ghaeilge curtha i gcló don scoláire. Tá nótaí gramadaí, foclóir agus innéacs leis.


previousPrevious - Foghlaim na Gaeilge V