Gearrscéalta

An Crann Géagach

Pádraic Ó Conaire

Comhlucht Oideachais na hÉireann 1919, 83 leathanach.

Siúil uait liomsa, a chara na gcarad, amach faoi na beanna árda maorga faoi choillte giúise, thar srutháin ceolmhara, le bruach linnte fuara sléibhe, mar a gcónaíonn na mílte eanlaith; siúil uait liomsa, mar tá an tEarrach ar fáil. Tá an fhuil nua ag éirí i mo chuisleachaidh agus i do chuisleacha sa tá na huain ag méiligh ar na bánta...

Cuir uait agus gluais liomsa...

Sin cuireadh ón údar don léitheoir óg, cuireadh nach féidir a eiteachtáil.

Tar uait leis féin agus a asal beag dubh, go gcaithfidh tú fleadh leis i lár coille, go sainneoidh sibh an breac mór sin atá i bhfolach san abhainn...

An Reult, Uimhir a Dó

 Márta 1922, Coláiste na hOllscoile, B.A.C. 67 Leathanach

Tá dánta, gearrscéalta agus aistí san imleabhar seo agus is ó pheann údair aitheanta cuid acu. I measc na n-údar tá, 'An Craoibhin' agus 'Eoin Mac Néill'. Tá aiste fíor spritseail ag an gCraoibhin faoi fhionnadairi, cineáil sióg ó Oileán Mhanainn. Tá na fógraí ó chomhlachtaí na linne sin spéisiúil freisin, Todd, Burns &Co. agus Rowan Seed Services.

An Reult, Uimhir a Ceathair, Iml. 1

 Meith. 1925, Coláiste na hOllscoile B.A.C. 74 Leathanach

Is bailiúchán de dhánta, gearrscéalta, amhráin, aistí agus orthaí atá san imleabhar seo. Tá fógraí ó chomhlachtaí éagsúla ann freisin.
 

Dochartach dhuibhlionna agus Sgéalta Eile

Seosamh Mac Grianna ("Iolann Fionn")

Curtha amach ag Cú Uladh, 6, Sráid Fheárdorcha Thuaidh, Baile Átha Cliath. 41 leathanach

(Sraith Chomhaltas Uladh, uimhir a hAon)

Ceithre ghearrscéal foilsithe ag Comhaltas Uladh Uimhir a 1.
 

Cáith agus Grán

Peadar Ó Dubhda ('Cú Chulann')

Muinntir C. S. Ó Fallamhain Teo. I gComhar le hOifig an tSoláthair. 1929 , 116 Leathanach

Cnuasach gearrscéalta ó pheann Pheadair Uí Dhubhda, alias 'Cú Chulainn'

 

Cogar Mogar

Diarmuid Ua Laoghaire

Muintir na Leabhar Gaedhilge, 1908, 67 leathanach.

Bailúchán d'ocht scéal atá anseo. Tá foclóir ar chúl an leabhair.


Next - Gearrscéalta IInext