Gearrscéalta IV

Briocht-Scéalta na hAráibe

Seán Óg Ó Caomhánaigh

Alec Tom agus a chuid Téoranta, Sráid Cró, B.Á.C. 66 leathanach.

Chuir an t-údar Gaeilge ar na scéalta seo ó aistriúchán Béarla. Deich scéal ar fad atá inti. Ina measc tá "Eachtra Árdrí Gréag agus Dhubháin an Liagh". Tá foclóir leis an scéal.

Údhacht an Stiocaire

Seaghán P. Mac Énrí, D.L. do scríóbh.

Cló-Chulmann, Baile Átha Cliath. 23 leathanach.

Scéilín gearr le foclóir faoi Thadhg Ó Suilleabháin a bhí Gaelach "ón gcnámh go dtí an smior agus ón smior go dtí an smuarach" agus faoina athair a bhí in a stiocaire suarach le dúil aige "san nGalltachas agus san tseoinínteacht"!

Ar Lorg an Ríogh agus Scéalta eile

Pádhraic Ó Domhnalláin

M.H. Mac Guill agus a Mhac, Teo., 1925, 102 leathanach

Seacht gcinn de ghearrscéalta suite in Uachtarárd, Co na Gaillimhe. Deireann an t-Údar go bhfuil cuid de na scéalta fíor ach fágaim fútsa na cinn sin a dhéanamh amach duit féin.


 

Siol Éabha

Pádraic Ó Conaire

Comhlucht Oideachais na hÉireann, 94 leathanach.

Cnuasach gearrscéalta le Pádraic Ó Conaire. Seacht scéal ar fad atá ann. 'Neill', 'An Bhean a leag Dia Lámh Uirthi' agus 'An Bhean a Ciapadh' ina measc.

Ós Cionn na Fairrge agus Aistí Eile

Pádraig Mac Piarais

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. B.Á.C. agus Corcaigh. 80 leathanach.

Dár le T. Ó Deirg sa réamhrá is léiriú atá sa saothar seo "ar smaointe fileata an údair" agus nach bhfuil "sáru a ghlan-Ghaeilge le fáil le gontacht agus binneas". Aistí an Phiarsaigh atá anseo chomh maith le trí dhán leis. Foilsíodh na n-aistí seo agus na dánta san 'Claidheamh Solais' sna blianta ó 1899-1907.

Cú Na gCleas agus Sgéalta Eile

Íde Nic Néill agus Séamus Ó Searcaigh a chruinnigh agus a chuir i n-eagar.

Dundalk Press, William Tempest, Dundalk 1915. 130 leathanach.

Leagan Gaeilge de ocht scéal a bhfuil a macasamhail le fail ar fud na hEorpa. Tá ceachtanna gramadaí ag deireadh an leabhair.

An Rún agus Scéalta eile

Liam Ó Broin.

Oifig Foillseacháin an Rialtais, 1932, 102 leathanach.

Baineann ceann de na gearrscéalta seo leis an nGearmáin agus an chuid eile acu le Baile Átha Cliath.


previousPrevious - Gearrscéalta III
Next - Gearrscéalta Vnext