Leabhair don Aos Óg III

An Feirmeóirín

Alec Tom agus a Chuid Teóranta, Sráid Cró, B.Á.C. 68 leathanach.

Leabhairín simplí le scéalta beaga gearra a bheadh feiliúnach do phaistí an-óg. Is cosúil gur leabhar scoile a bhíodh ann agus luaitear go bhfuil na scéalta feiliúnach do rang a trí agus a ceathair.

An Chéad Scéaluidhe

Tomás Ó hAodha

Fallon & Co. Ltd., 54 leathanach.

Leabhar léitheoireachta le haghaidh scoileanna atá anseo a d'aistrigh an t-údar ón mBéarla. Tá "An Circin Ruadh", "An Fhuiseog agus a hÁl" agus "Dic Fuitingtin" i measc na scéalta do léitheoirí óga. Tá na pictiúir sa leabhar seo go h-an deas.



 

Sgéilíní

Éadhmonn Ó h-Albainn

M.H. Gill agus a Mhac, 1900, 16 leathanach.

Éadhmonn Ó h-Albainn a chruinnigh na scéalta gearra seo. "An Mactíre i gCroiceann na gCaorach" agus "Saortha Ón mBás" ina measc. Ar leathanach deiridh an leabhair tá an suantraí álainn "Seo h-Ín Seo". Tá leathanach teidil an leabhair an-deas ina n-úsáidtear an Dearadh Ceilteach.

Cosa Buidhe Árda

Leagan Chonnacht. Finghín na Leamhna do chur in eagar le cabhair ó Eoghan Ó Neachtain agus ó bhean Sheáin Mhic Canna.

Brún agus Ó Nólan, Teor., Áth Cliath. 1924. 48 leathanach.

Leagan Chonnacht do Chosa Buidhe Árda atá sa leabhairín seo. Rannta don aos óg atá inti agus tá nótaí ceoil ag dul le cuid acu. Is léir go raibh éileamh ar an leabhar mar ba é seo an ceathrú cló di. Tá leathanach teidil daite, grianghrafanna do pháistí agus pictiúir inti a dhéanfadh taitneamhach don aos óg í. Tá foclóirín gearr ar chúl an leabhair deas seo.


previousPrevious - Leabhair don Aos Óg II