Eóin Mac Néill

1867 - 1945

Rugadh Eóin Mac Néill i gCo. Aontroma ar an 15ú Bealtaine, 1867. Fuair a chuid bunoideachais go príobháideach. Nuair a bhí sé 14 bliain, chuaigh sé go Colaiste i mBéal Feirste. Fuair post mar chléireach i mBaile Átha Cliath, nuair a bhí sé thart ar scór bliain d'aois. Bhain céim B.A. amach ina dhiaidh sin. Chuaigh sé go hÁrainn ag fóghlaim Gaeilge, timpeall na bliana 1891.


Bhi baint lárnach aige le bunú Chonradh na Gaeilge in 1893, agus bhí ina rúnaí ar feadh roinnt blianta. Bheadh sé ina uachtarán ar an gConradh, ar feadh tréimhse. Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaeilge, An Claidheamh Solais, agus Fáinne an Lae. Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i gColaiste Phádraig , Drom Conrach, agus ina Ollamh le Luathstair na hÉireann i gColaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.


Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh Óglaigh na hÉireann. Rinne sé iarracht stop a chur le Éirí Amach na Cásca 1916, nuair a fuair sé amach gur gabhadh Roger Casement, agus gur báthadh an Aud. Chaith sá tréimhsí i ngéibheann i Dartmoor, Lewes, agus Muinseó.


Ba é an chéad uachtarán a bhí ar Chumann na nGaedheal, agus bhí ina Theachta Dála i nDoire Cholmcille sa gcéad Dáil. Ina dhiaidh sin bhí ina T. D. ar son An Chláir. Bhí sé i mbun na diospóireachta faoí'n gConradh Angla Éireannach. Bhí ina Aire Airgeadais, Oideachais, agus Tionscail, bhí ina ionadaí ar Choimisiún na dTeórann.Bhí sé ina chathaoirleach ar Choimisiún na Láimhscríbhínní, agus ina uachtarán ar an Acadamh Ríoga.

Maraíodh a mhac Brian agus é ag troid ar son na Poblachta, 1922. Throid beirt mhac eile leis i gCogadh na Saoirse. Fuair sé bás i 1945, in aois a 78 mbliain.

Rinne sé go leor eagarthóireachta, mar shamplaí:

Eachtra Lomnacháin, 1903.
Eachtra Fhinn Mhic Chumhaill.
An Léitheóir Gaedhealach, 1907.
Duanaire Fhinn, 1908.
Chuir Seosaimh Laoide eagar ar chuid dá shaothar in Alasdair Mac Colla , 1914.

Róisín Fiain Na Mara, leis an t-Ath. Seoirse Mac Clúin.

Scriobh roinnt leabhara Béarla freisin.


 


previousPrevious - Seaghán P. Mac Énrí
Next - Pádraig Mac Piaraisnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections