Seaghán P. Mac Énrí

1862 - 1930

Rugadh ar 3ú Márta, 1862, i West Hackney Londain. Fuair a athair bás agus gan Seaghán P. ach bliain d'aois. Thug a mháthair arais é go dtí a n-áit dhúchais, i bParóiste na Scríne, Co. Shligigh i 1864. Cuireadh ar scoil é ar an Meal, agus ansin chuig Bráithre Mhuire. Bhí eolas ar an ngaeilge aige ó bhí sé óg, agus lean air dá foghlaim.

In 1881, d'aistrigh siad go Bleá Cliath. Rinne sé leigheas i gColáiste na Trionóide. Bhain céim B. A. amach sa mbliain 1884. Fuair céim leigheis dhá bhliain ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé in Ospidéal Naomh Uinsionn. Chuaigh sé go Sasana, in 1889, agus chaith sé dha bhliain déag ag obair ann.Thugadh sé cuairt ar an Éigipt, agus ar an Iodáil, ar mhaithe lena shláinte. Bhí sé ina Máinlia ag London Metropolitan Police. Bhi ina Leas Uachtarán ar Chraobh Londain de Chonradh na Gaeilge, in 1895.


Thagadh sé go hÉirinn go minic. Bhíodh sé ina Ollamh i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal, i rith an tSamhradh.D'fhag an Dochtúir Mac Énrí Londain i 1906. Phós sé bean as Gaillimh, Jane Little.


Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ar feadh bliana, i 1925, agus rinne an t-uafás oibre go deónach, do'n Chonradh. Chónaí sé in nGaillimh ag an am seo. Chaith sé blianta fada ina Ollamh i gColaiste na hOllscoile, Gaillimh, agus bhí ina léachtóir sa Nua- Ghaeilge. Bhí sé mar bhall de Choiste Stiúrtha an Choláiste. Bhí an tsláinte ag clis air ó 1920 ar aghaidh. Fuair sé bás in nGaillimh sa mbliain 1930. Tá sé curtha sa reilig nua ansin.

Cuid Dá Shaothar

An Modh Díreach chun na Gaedhilge a d'foghluim, Cuid a 1 & II & III
Bás Ghofradha Uí Dhomhnaill, 1905.

Handbook of Modern Irish, 1905.
Udhacht an Stiocaire, scéal atá suite i gCo. Shligigh.
Ceachta Cainte an Mhúinteóra, 1908.
An Réalt Eolais 1926.
Tuaith agus Cathair 1926.
Chuir sé eagar ar chuid de 'Chnoc Na nGabha', agus 'Seilg imeasc na nAlp' le Mhicil Bhreathnaigh.


Foilsíodh go leor altanna leis san gClaidheamh Solais.
Rinne sé aistriúcháin ó theangacha eile.


previousPrevious - Tomás Mac Domhnaill
Next - Eóin Mac Néillnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections