Stair

Stair na h-Éireann Ó Aimsir Naomh Pádraig go dtí an Lá Inniu

Proinnséas Ó Súilleabháin, D.PH.

Alec Tom agus a chuid, Teóranta, Sraid Cró, Baile Átha Cliath. 93 leathanach agus foclóir.Mar a tháinig daoine go hÉirinn ar dtús. Cormac Mac Airt, Naomh Pádraic, Na Lochlannaigh, Tomás an tSioda, Aodh Rua Ó Domhnaill, Mountjoy agus Carew, Cath na Bóinne, Pádraig Sáirséal, Eachdruim, Na Péin Dlíthe, Parnell agus Home Rule.

Géaga Chrainn Eithne

Gabhail na hÉireann le Seaghan Mac a'Bhaird.

M.H. Mac Guill & a Mhac, Teo. 1909, 24 leathanach.

Tá sé ráite gurbh é Partholóin a ghabh Éire i ndiaidh na Díleann agus gur as an nGréig a tháinig sé féin agus a mhuintir. Tá cur síos sa leabhar seo ar an dream a tháinig ina dhiaidh agus a thóg ceannas ar Éire ar feadh tréimhsí - Clanna Neimheadh, Na Fir Bolg, Tuatha De Danann, Clann Mhileadh &rl.

Cúrsaí na hÉireann

Micheál Breathnach, M.A.

Brún agus Ó Nualláin, Teo. , 118 leathanach.

Stair na hÉireann in altanna gearra. An-éasca le léamh. Ón am a raibh an tír faoi leac oighir gur cuireadh deire leis an sean-saol Gaelach ar an 23 Nollag 1601, ag Cath Chionn tSáile. Tá cur sios ar Léigheann, Tráchtáil, Litríocht agus an Eaglais.

Éire: Léigheachta ar Stair na hÉireann

Pádraig Ó Séaghdha "Conan Maol"

Clódhanna, Teo., B.Á.C., 1924, 123 leathanach.

Léigheachta ar Stair na hÉireann do leigh Conán Maol do Ghaedhealaibh London 1903-1904. Teamhair, Dlighe agus Nós, Na Draoithe, Na Manaigh, Na Lochlannaigh, Maelsheachlainn is Brian &rl.
 

Bás Ghofradha Uí Dhomhnaill

Dr. Seaghán P. Mac Énrí

M.H. Gill agus a Mhac, 50 Sráid Uach. Ui Chonaill, B.Á.C., 1905, 16 leathanach.

Bhí Gofraidh ar dhuine de na Taoisigh ba mhó cliú agus cáil dá raibh in Éirinn lena linn. Bhíodh na Gaill i gconaí ag iarraidh seilbh a fháil ar Thír Chonaill ach níor éirigh leo. Rinne na Gaill iarracht mhór nuair a bhí Muiris Mac Gearailt ina fhear ionad ag Rí Shasana, ach fuair Gofraidh an ceann is fearr air. Goineadh Gofraidh san troid agus ina dhiadh sin rinne Clann Néill Thír Eoghain iarracht é a smachtú. Bhí Gofraidh ag stiúriú agus ag gríosú a chuid fear agus é sínte ar chróchair.


Next - Stair IInext