Stair II

Stair na h-Eorpa Thiar

Micheál Ó Maoláin, M.E. do scríobh

Seán Ó Ruadháin a rinne ath-innsint as Gaedhilge

M.S. Ó Maoláin, Foillsightheoir Oideachais, Faithche Naomh Stiofáin, 110, B.Á.C. 128 leathanach.

Seo cuid a haon den stair. Tá cur síos ar stair ó bhriseadh na Traoí (timpeall 1000 bliain roimh Chríost), go dtí 1500 AD: Ceiltigh, Rómhánaigh, Na Lochlannaigh, Cogadh na Croise, An Phápacht &rl. Tá an cur síos gonta, éasca le léamh agus an-suimiúil.

Stair na hÉireann (Breathnach) Cuid a hAon

Mícheál Breathnach

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 49 leathanach.

Tá an leabhar roinnte ina trí chuid agus tá foclóir le gach cuid. Tosaíonn an stair le theacht na gCeilteach go hÉirinn agus leanann sé go dtí teacht na Normánach. I gcuid a dó déantar cur síos ar an sléacht a rinne na Normánaigh agus leanann sé an stair suas go dtí teitheadh na nIarlaí. Cur síos atá i gcuid a trí ar na Sasanaigh in Éirinn. Críochnaíonn an t-údar ar nóta dóchais nuair a luann sé an misneach nua a bhí sa tír ó thosaigh obair Chonradh na Gaeilge.

Cruach Phádraig: St Patrick's Holy Mountain

Patrick L. O'Madden, B.A.

Sign of The Three Candles, Fleet Street, Dublin. 1929. 47 leathanach.

Tugann an leabhar seo stair Phádraig dúinn agus an bhaint a bhí aige le Cruach Phádraig. Úsáideann an t-údar leabhar Árd Mhacha agus Annala Uladh agus é ag déanamh tagartha do thábhacht Phádraig do na Gaeil agus do thábhacht Cruach Phádraig mar áit oilithreach. Tá leathanach teidil deas ar an leabhar.

Sceul Ár dTire

Liam Ó Rinn

Comhlucht Oideachais na hÉireann, teo., 172 leathanach.

Aistriúchán Gaeilge den leabhar Béarla le A.B. Ferguson atá sa leabhar seo. Chuir an t-údar Liam Ó Rinn roinnt caibidlí leis. Tosaíonn an scéal seo ag an tús le "Ceud-Áitreoiri na hÉireann". Tá cur síos ansin ar aimsir na bPágánach, ar Naomh Pádraig anuas go dtí an Chonradh i 1921. Tá cairt staire dÉire, an Eoraip agus Sasana ar an gcéad leathanach atá suimiúil.

Aodh Ruadh

Ó Leabhar Lughaidh i Chléirigh ar a dtugtar 'Beatha Aodh Ruadh Uí Dhomhnaill'

An tAthair Peadar Ua Laoghaire do scríobh.

Brún agus Ó Nuallain, Teor., B.Á.C. Corcaigh, Beal Feiriste, Portláirge. 1929. 132 leathanach.

Is ar leabhar Lughaidh Uí Chléirigh, 'Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill' a foilsíodh sa bhliain 1895 atá an leabhar seo bunaithe. Cur síos atá ann ar bheatha Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill.

 

Beatha Aodha Uí Néill

Micheál Mhag Ruaidhrí do chum, Uilliam Soirtéal do chur síos.

Connradh na Gaedhilge, 1903, 161 leathanach.

Cuntas mar a shiolraigh Ó Néill ó 'Niall Naoi nGiallach', mar a chuir na Sasanaigh oiliúint air le súil go ndéanfaidis Sasanach de agus go dtaobhódh sé leo féin ar ball. Cheapadar go n-iompódh sé a dhroim lena mhuintir féin. Ba é a mhalairt a thárla. Bhí sé ar dhuine de na hÉireannaigh ba dhilse dá raibh ann. Tá cur síos ar a bheatha anseo.


previousPrevious - Stair
Next - Stair IIInext