Úrscéalta IV

Gile na mBláth

Rev. M. Sheehan, M.A., D.Ph.

M.H. Gill & a Mhac, 1912, 107 Leathanach.

Scéal faoi Ghile na mBláth, iníon rí a raibh cónaí orthú san Iodáil. Déanann an scéal cur síos ar an mbanphríonsa agus gach a dtárlaíonn di nuair a chastar fear Éireannach, Conchubhar Ó Cinnéide, uirthi. Tá nótaí agus foclóir leis an scéal.

Cúrsaí Thomáis

Shíos Seal a's Shuas Seal

M. (i.e. Edward Mac Lysaght) do scríobh

Hodges agus Figgis, Sr., Thobair Phadraig, B.Á.C. 1927. 420 leathanach.

Is scéal breá é ina gcuireann M. síos ar a chuid taistil ar fud na cruinne, an grá agus an ghráinn agus contúirti móra a bhain dó.

Páidí Ó Dálaigh

Alín De Paor do scríobh.

Cómhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. B.Á.C. agus Corcaigh. 204 leathanach.

Scéal brónach é seo faoi Pháidí Ó Dálaigh a bhásaigh le linn Cogadh na Saoirse. Cé go raibh droch-shaol ag Pháidi ar scoil bhí sé ina laoch agus é amach sna blianta. Bhásaigh sé le linn ionsaí ar Bheairic Póiliní ina dhiaidh sin.

Astronár

Piaras Béaslaí

Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1928, 204 leathanach.

Úrscéal faoi fhear óg atá ag iarraidh aithne a chur ar shaol nach bhfuil ag teacht lena thuairimí féin. Fear óg a bhfuil fuadar faoi agus misneach aige dá réir ach níl tuiscint aige ar chúrsaí an tsaoil. Tá an scéal suite in Oirthear na hÉorpa. Scríobh Piaras Béaslaí an scéal i 1912. Cuireadh i gcló an scéal san bpáipéar nuachta 'Weekly Freeman' i 1921.


previousPrevious - Úrscéalta III
Next - Úrscéalta Vnext