Foghlaim na Gaeilge

An Modh Díreach chun na Gaedhilge d'foghluim: Cuid a hAon.

Seaghán P. Mac Énri, D.L.

M.H. Gill agus a Mhac, Teor. B.Á.C. 1907, 63 leathanach.

Leabhar beag gairid í seo atá roinnte ina cheachtanna gearra le ceisteanna do pháistí a bhí ag foghlaim na Gaeilge. Tá béim ar an dteanga labhartha sa Modh Díreach. Tá go leor pictiúir sa leabhar a thaithneódh leis na páistí. Tá dearadh deas ar leathanach teidil an leabhair.

An Modh Díreach: Cuid a Dó

Seaghán P. Mac Énri, B.A. M.D.,&C

M.H. Gill agus a Mhac, Teo. 1908, 91 leathanach.

Leanann an leabhar seo an leagan amach céanna atá ag an Modh Díreach (cuid a haon), ceachtanna Gaeilge le ceisteanna agus pictiúir. Tugann an t-údar leidí do mhúinteoirí i mBéarla ag tús an leabhair chun í a úsáid. Fóghlaimíonn na páistí foclóir ar dtús ina gcanúint féin agus le cúnamh na bpictiúir déanann siad suas abairtí shimplí. Cleachtann siad labhairt na teangan. Tá foclóirín ar chúl an leabhair.

A Modh Díreach: Cuid a Trí

Seaghán P. Mac Énrí D. L.

M.H. Ghill agus a Mhac , Teor, B.Á.C. 1908, 59 leathanach.

An tríú eagrán sa tsraith seo. Tá foclóir níos leithne ann a bhaineann le saol na tuaithe. Tá sé suimiúil sa mhéid is go bhfuil sean leaganacha cainte ann nach bhfuil in úsáid níos mó agus is léargas iad na pictiúir ar stair shóisialta na tíre ag tús an chéid. Tá pictiúr spéisiúil ar leathanach tríocha agus a naoi, don rothar agus na téarmaí a úsáidtear do na pairteanna éagsúla. D'Fhoilsigh an tAthair Peadar Ó Laoghaire go leor de na focail seo in Irisleabhar na Gaeilge roimhe sin.

An Macléighinn

Feargus Finnbhéil

Muintir na Leabhar Gaedhilge 6 Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 1906. 67 leathanach.

(Leabhar Chomhrá Cuid a 1)

Foilsíodh an leabhar seo chun an Ghaeilge labhartha a mhúineadh do mhúinteóirí. Tá sé bunaithe ar an Modh Díreach a h-úsáideadh do dhaltaí scoile. Chomh maith le foclóir agus ceachtanna déanann an t-údar cur síos ar na modhanna múinte is fearr le h-úsáid agus teanga dá múineadh sa rang. Úsáideach do mhúinteoirí fiú sa lá atá inniú ann.

Prosóid Gaedhilge

Tadhg Ó Donnachadha

Cló Ollsgoile Chorcaighe, Comhlucht Oideachais na hÉireann Corcaigh agus Átha Cliath, 1925.

Déantar cur síos ar rialacha a bhaineann le filíocht sa Nua-Ghaeilge. Chuir Ó Donnachadha le chéile an leabhar seo ar mhaithe lena chuid daltaí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tochmarc Fhearbhlaigh

Eoghan Ó Neachtain

M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac Teor, Sráid Uí Chonaill Baile Átha Cliath. 33 leathanach.

Aistí agus scéalta atá sa leabhar seo a bheadh feiliúnach d'fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Lomra an Óir

Máiréad Ní Ghráda, M.A.

Brún agus Ó Nualláin Teóranta. B.A.C. 125 leathanach.

Tá scéalta fiannaíochta, paidreacha, filíocht agus scéalta nua-aimseartha sa leabhar beag seo. Tá sean amhráin inti freisin mar shampla 'Séan Ó Duibhir An Ghleanna'. Gheobhaidh tú scéalta inti ar nós 'Eoinín na nÉan' le Pádraic Mac Piarais. Tá na piosaí agus na rannta iontach simplí, bheadh an leabhar an-oiriúnach do dhuine a bheadh ag foghlaim na Gaeilge. Leabhar simplí so-leithe.


previousPrevious - Finscéalta IV
Next - Foghlaim na Gaeilge IInext