Oisín agus Naomh Pádraig (agus scealtaí eile as Gaeilge)

Bhí mac ag Fionn Mac Cumhaill, taoiseach na bhFiann, darbh ainm dó Oisín. Lá dá raibh na Fianna amuigh ag seilg, chonaic siad chucu bean álainn ar mhuin chapaill bháin. B'í Niamh Chinn Óir í. Thug sí grá d'Oisín agus ba mhian léi é a phósadh. Dúirt sí leis teacht léi ar a capall draíochta agus chuaigh siad beirt ag marcaíocht thar muir agus tír gur shroich siad Tír na N-Óg. Sa tír sin ní thagann aois ar éinne: ba thír álainn dhraíochta í.

Tar éis d'Oisin fanacht faoi aoibhneas ar feadh trí céad bliain I dTír na n-Óg ba mhian leis Fionn agus na Fianna a fheiceáil aris. Thug Niamh an capall bán draiochta dó le filleadh ar Éirinn. Chuir sí ar a fhaichill é gan cos a chur ar thalamh, nó dá ndéanfadh, nach bhfillfeadh sé ariamh uirthi.

Gheall Oisín do Niamh go mbeadh sé cúramach agus thug aghaidh ar Éirinn. Tháinig alltacht air nuair a fuair sé amach go raibh cine suarach ina gcónai sa tír agus gur ar éigin a raibh cuimhne ar bith acu ar Fionn agus a lucht leanúna. D'fhiafraigh Oisín díobh cá raibh Oisín agus a chuid fear. D'inis manach dó go raibh siad marbh le trí céad bliain. Níor chreid Oisín é seo. D'iompaigh sé thart ar a chapall agus thug aghaidh ar Ghleann an Smóil.

Ar a bhealach amach as Gleann an Smóil dó, chonaic sé grúpa fear ar chnoc Thamhlachta, agus iad faoi chruatan ag iarraidh mullán mór a árdú ón dtalamh. Thug sé trua dóibh agus thairg cúnamh dóibh. Chuir sé a lámh faoin mhullán agus chuir ag rolláil síos mala an chnoic é. Stáin na fir le h-iontas ar an bhfathach seo. Ba ghearr áfach, gur athraigh an t-iontas ina huafás orthu nuair a thug siad faoi deara an t-athrú a tháinig ar Oisín. Agus é ag cromadh síos chun an mullán a ardú, bhris an diallait a raibh Oisín ina shuí uirthi agus thit sé ar an dtalamh.

Chomh luath agus a rinne sé teagmháil leis an dtalamh tháinig claochlú ar an laoch óg láidir. D'athraigh sé ina sheanfhear críonna caite. Thug na fir Oisín leo go dtí Naomh Pádraig, go bhfeicfidís cad a dhéanfadh sé leis an seanfhear buartha.

Le míle bliain anuas tá na seanchaithe ag baint sult as argóintí na beirte. Tugann Agallamh na Seanórach, mar a thugtar ar an gcaint seo idir Pádraig agus Oisín, léargas dúinn ar an gcoimhlint idir an saol Críostaí agus an saol páganach. Thug an scéal seo inspioráid do go leor scríbhneoirí agus filí, W.B. Yeats ina measc. Scríobhadh síos na scéalta Fiannaíochta a d'inis Oisín do Naomh Pádraig agus coinníodh beo iad I gcomhair na nglúnta a bhí le teacht.

Gallery


previousPrevious - Corkagh House Ghost Stories
Next - Fionn agus na Fiannanext