Scéaltaí Taibhsí Corcach

An Cóiste agus na Capaill

Gar do Theach Chorcach bhí Teach Newlands. Chónaigh Arthur Wolfe (1739-1803) ann, tráth. Ba é Príomh-Bhreitheamh na hÉireann é, agus bhí mar theidil air Bíocúnta Kilwarden nó Tiarna Kilwarden. Bhí muintir Mhic Fhionnlaoich as Corcach mar chomharsana aige.

Le linn Éirí amach Roibeáird Emmet sa bhliain 1803, chuala an Coirnéal John Finlay iomrá go rabhthas ag beartú an Tiarna Kilwarden a mharú. Dá bharr sin d'impigh sé ar an dTiarna gan dul go Baile Átha Cliath.

Nor bhac an Tiarna Kilwarden lena chomhairle agus d'imigh go dtí an chathair mar a bhí beartaithe aige. Chuaigh a iníon, Elizabeth Wolfe agus a nia, an t-Oirmhinneach Richard Straubenzie Wolfe in éineacht leis. D'fhág siad Eastáit Chorcach tríd an cúl-gheata, gar do Bhóthar Naomh Eoin, mar atá inniu, agus thug siad a n-aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Ar a mbealach go dtí Caisleán Áth Cliath, gar do Shráid Thomáis, d'ionsaigh grúpa ceannairceach an carráiste. Tarraingíodh an Tiarna Kilwarden agus a nia amach as an gcóiste agus sáthadh arís agus arís eile iad le pící.

Fuair an t-Oirmhinneach Wolfe bás láithreach, ach bhí a uncail beo fós nuair a tháinig buíon saighdiúirí ar an láthair. Tugadh isteach i dteach a bhí in aice láimhe é, ach fuair sé bás tar éis uair a chloig. D'Éirigh lena iníon éalú, gan dochar, ón achrann agus thug an t-aláram uaithi.

Tar éis do na ceannaircigh cóiste an Tiarna Kilwarden a ionsaí, d'imigh na capaill scanraithe ar cosa in airde ar ais go Corcach. Chuaigh siad isteach tríd an cúl-gheata, síos an príomh-aibhinne leo agus amach go Teach Newlands. Bhí sé mar chuid de sheanchas mhuintir Mhic Fhionnlaoich gur chuala siad, ó am go h-am, capaill agus cóiste ag imeacht ar cosa in airde trí Eastáit Chorcach. Ní fhaca aon duine riamh iad, ámh.

An Sí-Bhanna Ceoil

Le linn Éirí Amach na Cásca 1916, bhí Maor Gerald Colley, deartháir-chéile Mrs Edith (ní Fhionnlaoich) Colley as Corcach, bhí sé ar stáisiun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. An lá roimh Dhomhnach Cásca chuir sé glaoch guthán ar a bhean chéile. D'inis sé di go raibh trioblóid ar tí briseadh amach idir na náisiúntóirí Éireannacha agus na h-údaráis.

Tharla an t-Éirí Amach maidin Luain Chásca. Chuaigh bean an Mhaoir go Caisleán Bhéalgaird, in éineacht le cara léí, chun breathnú uathu ar dhroichid Bhaile Átha Cliath agus iad trí thine. Idir an dá linn, bhí Mrs Edith Colley ag siúl in éineacht lena fear céile, George P.A. Colley, trí Eastáit Chorcach, nuair a chuala sí banna ceoil míleata ag máirseáil go torannach síos Bóthar Nás, agus isteach trí chúl-gheata Chorcach.

D'fhill siad faoi dheifir ar ais go dtí an teach. Bhí foireann iomlán an tí bailithe le chéile go faiteach ós comhair an tí. Bhí ceol an bhanna cloiste acu sin chomh maith agus cheap siad go n-ionsófai an teach gan mhoill. Stop an ceol go tobann, áfach, agus ní raibh tada as an ngnáth le sonrú. Ainneoin an méid daoine a chuala an banna, ní fhaca aon duine é.


previousPrevious - Teach Chumann Tinte Ifrinn
Next - Bibliography and Linksnext