Teach Seanbhábhún

Bhí Teach Seanbhabhún ar ceann de na tithe ba thábhachtaí i ngleann na Dothra. Bhí sé suite in aice leis an Dothra, gar do Bhóthar an tSeanbhábhúin. Thóg Ard-Deagánach William Bulkeley, mac Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an teach sa bhliain 1635.

Deineadh damáiste don teach le linn éirí amach 1641, ach deisíodh go gairid ina dhiaidh sin é. Chónaigh daoine sa teach ar feadh na céadta bliain, ach fágadh faoi dheireadh ina fhothrach é. Bhí traidisiún sa chomharsanacht sa tsean-am: cothrom agus an lá a bhásaigh an t-Ard-déagánach Bulkeley, d'fheicfí cóiste bodhar á tharraingt ag seisreach chapall gan chloigeann. Bhíodh beirt phaisinéirí, agus beirt bhonnaire leo, sa chóiste agus é á thiomáint suas go dtí an teach. Mairg don té a stánfadh ar an gcóiste, afach, nó gheobhadh sé bás taobh istigh de bhliain agus lá.


previousPrevious - Bruíon Dá Dearga
Next - Teach Chumann Tinte Ifrinnnext