Rang a Cúig & Rang a Sé

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Pdf Leabhar Oibre do Rang a Cúig & Rang a Sé
Size: 6.5M bytesModified: 10 February 2011, 13:16

Tá an Leabhar Oibre seo dírithe ar dhaltaí Rang a Cúig agus Rang a Sé. Tá na fiosrúcháin agus na gníomhaíochtaí tarraingteach do leanaí ar chóir dóibh, ag an aois seo, a bheith ag tosú ag úsáid teicnící réiteach fadhbanna; a bheith oscailte do chleachtaí maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus ceisteanna crua; a bheith in ann sonraí a léiriú agus a thuiscint agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar na sonraí sin agus a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl go soiléir.


Mothóidh na leanaí gur fíor-bhleachtairí éiceolaíocha iad trí scrúdú a dhéanamh ar cad atá i ndán dá dtimpeallacht áitiúil agus ar na saincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide. Cad iad na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide (i.e. an Iarmhairt Cheaptha Teasa/ Téamh Domhanda) ar ár dtodhchaí? Conas is féidir leis na leanaí iad féin a n-iompar a athrú ar scoil agus ag an mbaile araon ó thaobh oibriú i dtreo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide agus a dtimpeallacht áitiúil a chosaint?

Spreag na leanaí chun cur síos a dhéanamh ar gach a bhfeiceann siad trí phlé ranga, trí tharraingt agus trí ghníomhaíochtaí. Is féidir na torthaí seo a chur ar taispeáint sa seomra ranga nó timpeall na scoile go minic chun go mbainfidh gach duine taitneamh astu!

Ábhar


Fiosrúchán 15: Athrú Aeráide – An tSaincheist Mhór


Fiosrúchán 16: An Timthriall Oighir

  • Imscrúdú 16: Sneachta go hOighear


Fiosrúchán 17: Farraigí ag Athrú

  • Imscrúdú 17a: Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige?
  • Imscrúdú 17b: Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear ar talamh?


Fiosrúchán 18: Mistéir Athrú Aeráide:

  • Cén fáth ar bhris Annie Slater a rúitín i 2040?
  • Imscrúdú 18: Cén fáth ar bhris Annie Slater a rúitín i 2040?


Fiosrúchán 19: Cad í an todhchaí a d’fhéadfadh a bheith in dán d’Éirinn?

  • Imscrúdú 19a: Lá i mBaile Átha Cliath, 2040
  • Imscrúdú 19b: Ag Íomháú na Todhcha

Rudaí spraoiúla


Láithreáin ghréasáin úsáideacha