Bailiúchán Samuel L. Mac Guidhir

Bailiúchán Tagartha Samuel L. Mac Guidhir i Leabharlann na Ceathrún Rua.

Bailiúchán breá fairsing de leabhair atá sa gcnuasach seo a bailíodh le linn do Samuel L. Mac Guidhir a bheith ina leabharlannaí i nGaillimh sna 20idí agus na 30idí. B'as béal Feirste dó ó dhúchas, ach ba mhó a spéis sa teanga mar is léir ón gcnuasach breá seo a chuir sé le chéile agus atá ionnaithe anois i Leabharlann na Ceathrún Rua. Gheofar anseo beagnach gach leabhar Gaeilge dá foilsíodh ó bunaíodh an tSaorstáit go dtí an Dara Cogadh Domhanda. Is ann do na haistriúcháin a chuir An Gúm ar fáil, mar aon le beathaisnéisí na laochra móra staire agus na húrscéalta bleachtaireachta a bhreac an t-údar Chathal Ó Sandair. Tá leabhair ó gach cuige agus ó gach canúint anseo ach ní dheántar faillí ar scríobhneoirí ó Ghaillimh agus ó Chonamara ach an oiread. I dteannta na leabhar seo, tá fáil anseo sar bhailliúchán luachmhar d'fhoilseacháin Chonradh na Gaeilge ó thús na haoise.

Is mór an áis iad na leabhair seo a bheith ar fáil go háitiúil do phobal na Ceathrún Rua agus do phobal na Gaeltachta. Cabhróidh siad le gach aon duine beo ar spéis leo an teanga nó taighde a dhéanamh sa teanga: mic léinn scoile, lucht taighde, turasóirí at thóir eolais, Gaeilgeoirí agus gan dabht muintir da háite ar spéis leo abhar ilghnéitheach léitheoireachta ina dteanga féin.

Bailiúchán Tagartha atá an cnuasach seo ach tá notaí agus pictiúir le fáil sa suíomh seo.


Next - Amhráinnext