Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21)

Imtheachta an Tríú Oireachtas, 1899

Connradh na Gaedhilge, 1900, 174 leathanach.

Bhí an tríú Oireachtas ar siúl ar an 7ú Bealtaine, 1899, san Rotunda i Seomraí an Chonnradh agus i dTeach an Árd Mhéara i mBaile Átha Cliath. An Cairdinéal Logue a thug an Aitheasc. Bhí go leor den chléir i láthair idir shagairt, easpaig &rl. Tá liosta dena daoine a bhí ar an ardán, agus an coiste ar fad. Tá liosta dena sreangscéalta a seoladh chuig an gcoiste. Liosta de bhaill i dtiortha thar lear; Sasana, Albain, Meiriceá agus an Airgintín. Tá leagan amach na gcomórtais éagsúla, na hiomaitheóirí go léir. Tá duaisiarrachtaí i gcló sa leabhar agus Óid an Oireachtais le Dubhghlas de hÍde.

Imtheachta an Oireachtais 1901

Tadhg Ó Donnchadha a chuir in eagar.

Connradh na Gaedhilge, 1903, 171 leathanach.

Séard atá san leabhar seo ná clár an Oireachtais don bhliain 1901. Tá sé spéisiúil go mbíodh an tOireachtas ar siúl sa Bhealtaine an uair sin. Bhíodh na hamhránaithe agus na scéalaithe ann i gconaí. Bhíodh muintir na Gaeltachta ann mar is gnáthach.

Árd Fheis 1902

Árd Fheis 1902_01
Public Domain

Connradh na Gaedhilge, 1902, 115 leathanach.

Tá an leabhar seo i mBéarla. Tá liosta de na baill, miontuairiscí, agus liosta dena craobhacha in Éirinn agus ar fud an Domhain. Déanadh plé ar an Oireachtas, Structúr an Chonnradh, Oideachas, Scoileanna, Teanga agus Leabhair Ghaeilge.


Árd Fheis 1903

Árd Fheis 1903_01
Public Domain

Connradh na Gaeilge. Tuairisc bhliaintiúl ar Árd Fheis Chonnradh na Gaeilge, a reachtáileadh sa Rotunda i mBaile Átha Cliath 1902 agus imeachtaí Árd Fheis 1903. Tá an tuairisc i mBéarla.

Árd Fheis 1904

Connradh na Gaedhilge. Cur síos ar Árd Fheis Chonnradh na Gaeilge, sa Rotunda, Baile Atha Cliath. Tá tuairisc chuimsitheach faoi imeachtaí an Chonnradh, Cúrsaí Oideachais agus Teanga, ó na múinteóirí ar fud na tíre, tuairisc ó na muinteóirí taistil, feiseanna, an tOireachtas, agus cúrsaí airgid.

Árd Fheis 1905

Connradh na Gaedhilge. Árd Fheis na bliana sin san Rotunda, i mBaile Átha Cliath. Tuairiscí faoi stadas teanga, múinteoirí taistil &rl.. Tá liosta de na baill. Déanadh plé ar téascanna scoile.

Árd-Fheis 1906

 Connradh no Gaedhilge, An Cló-Chumann Teo., 68-71 Sráid Mhór na Trágha, Baile Átha Cliath. 1906. 38 leathanach.

Árd-Fheis Chonnradh na Gaeilge. Liosta de na baill, rúin, moltaí agus miontuairiscí. Tuairisc faoi na craobhacha ar fud na tíre, i nGlaschú agus i Sasana. Níl aon chuntas airgid.

Clár Oireachtais 1907

An Cló Choman Teor. B.Á.C 1907. 86 leathanach. Maisithe ag F. Maxwell

Clár iomlán óireachtais na bliana sin. Áiteacha éagsula a raibh na himeachtaí ar siúl, ainmneacha na n-iomaitheóirí, rialacha &rl. Bhí Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, Cathal Brúgha, Eóin Mac Néill agus Tomás Ó Máille imeasc na moltóirí. Bhí 'An Chraoibhín' mar Uachtarán, an tAth. Peadar Ó Laoghaire agus Eóin Mac Néill mar Leas Uachtaráin.

Árd Fheis 1907

Árd Fheis 1907_01
Public Domain

Connradh na Gaedhilge, 1907, 90 leathanach.

Clár Oibre, Miontuairiscí, agus Rúin. Tuairisc óna craobhacha éagsúla ar fud na tíre. Déanadh plé ar oideachas, Gaeilge san oideachas, leabhair scoile agus cúntas óna Timthirí.


Next - Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21) IInext