Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21) II

Árd-Fheis, 1908

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1908. 96 leathanach.

Árd-Fheis Chonnradh na Gaeilge, sa Rotunda, Baile Átha Cliath, 5ú Lughnasa. Liosta timthirí, tagairt Scoileanna, Oideachas, Muinteoirí taistil, an tOireachtas agus Feiseanna. Cuntas airgid.

Árd-Fheis, 1909

Connradh na Gaedhilge. 1909, 119 leathanach.

Árd-Fheis Chonnradh na Gaeilge, sa Rotunda, B.Á.C. 4ú Lughnasa. Miontuairiscí, rúin, moltaí, tuairisc ó mhuinteóirí taistil agus ar scoileanna a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn . Feiseanna agus cúrsaí airgid.

Clár Oireachtais 1909

Clár Oireachtais 1909_01

Connradh na Gaedhilge, 72 leathanach.

An Rotunda i mBaile Átha Cliath. Tá liosta de Choiste an Oireachtais, Clár na gComórtais, Liosta na Moltóirí, Na coinniollacha a bhain leis na comórtais, clár Imeachtaí agus Liosta de na hIomaitheoirí san leabhar seo.

Árd Fheis 1914

Árd Fheis 1914_01
Public Domain

Mionntuairiscí, moltaí, cuntas airgid, &rl. Bhí cúrsaí Oideachais agus Gaeilge go mór i gceist agus bealaigh chun an teanga a chur chun cinn. Tá cúntas ó na Craobhacha éagsúla in Éirinn agus thar lear. Tá Cúntaisí ó na múinteoirí taistil, Colm Ó Gaora as Inbhear, Rosmuc ina measc, a bhí ag teagasc i Muigheo. Bhí seacht scoil faoi na chúram agus é ag tabhairt cuairt ar deich scoil eile i rith na seachtaine.

Imeachtaí na hÁrd Fheise 1915

Conradh na Gaeilge, 1915, 32 leathanach.

Am corraitheach i stair na hÉireann a bhí ann nuair a foilsíodh an leabhar seo. Ar chomhairle Phádraic Ui Mháille aontaíodh leis an moladh seo leanas:- "Molann an Árdfheis seo an gníomh fearúil a rinne Óglaigh na hÉireann ag Binn Éadair, Dé Dómhnaigh, nuair a d'éirigh leo arm a fháil isteach agus maslaíonn muid an cleas millteach a rinne na saighdiúirí a thug dúnmharú agus loiteadh ar dhaoine a bhí gan arm i mB.A.C.". Ba cúis imní don choiste freisin nár ghlac an rialtas le scéim chun áit lárnach a thabhairt don Ghaeilge sna scoileanna náisiúnta.

Árd-Fheis 1916

70 leathanach Míontuairiscí, moltaí, rúin cuntas airgid &rl. Tá cuntas ó na reigiúin, maidir le dul chun cinn na Gaeilge. Cuntas ó na craobhacha agus ó thimthirí ó áiteacha éagsula ar fud na tíre. Tá tagairt do Éirí Amach na bliana sin. Tá tuairisc faoi Phádraic Ó Conaire, as Rosmuc a bhí ag teagasc i gCunga agus sa gClochán i gCo. na Gaillimhe ag an am. Tá tuairisc ag Sheaghán Mac Enrí ó Chaislean an Bharraigh a deireann gur "tugadh cúis in aghaidh Choilm Ó Ghaora, agus gur daoradh é go ceann deich mbliana". Ba as Inbhear, Rosmuc do Cholm Ó Gaora.

Árd Fheis 1917

Connradh na Gaedhilge, 1917, 94 leathanach.

Miontuairiscí, moltaí &rl. Cúntas óna Craobhacha go léir in Éirinn agus thar lear. Bhí cuid dena Craobhacha míshásta leis 'An Claidheamh Solais'. Moladh feabhas a chur air mar ábhar léitheoireachta. Moladh Oireachtas 1918 a chur ar siúl i nDoire Cholmcille. Míshástacht de bharr nach bhfuil an Ghaeilge ar chomh chéim leis an mBéarla sna scoileanna. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh a bhí ina Árd Rúnaí.


previousPrevious - Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21)