Drámaí II

Creideamh agus Gorta

An tAthair Pádraig Ua Duinnín

E. Ponsonby, 116, Grafton Street, M.H. Gill & Son, 50, Upper O'Connell Street, Gaelic League, 24, Upper O'Connell Street, Dublin. 1901. 36 leathanach.

Dráma tragóideach atá anseo a bhaineann le aimsir an droch-shaoil 1847. Tá sé bunaithe ar scéal fíor a chuala an tAthair Ua Duinnín ón Easpag Ó hUigín i gCiarraí. Nuair a chonaic baintreach go raibh a cuid gasúir ag fáil bháis le h-ocras d'iarr sí ar a mac dul ag na soupers agus, le díol trua dó, go dtabharfaidís rud le n-ithe dó. Ach d'fhreagair a mac "Maise a mháthair, is fearr an bás". B'Fhéidir gur úsáid an tAthair Ua Duinnín an eachtra seo mar cheacht dá chuid leitheoirí go mba cheart a bheith láidir sa chreideamh Chaitliceach.

Oighreacht Róisín

Pádraig Ó Séaghdha "Padraig Na Léime" do scríobh.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1910. 19 leathanach.

Dráma gearr simplí atá sa leabhar bheag seo, tá Róisín ann mar Éire, ansin tagann aingeal ó Phádraig Naomtha agus bíonn siad go léir ag caitheamh anuas ar Shasana. Bhí an t-Árd Easpog Eoin Mac Éil ina Árd Easpog ar Thuaim tráth.

An Bunnán Buidhe agus Aiséirghe

Domhnall Ó Corcora agus Pádraig Ó Domhnaill do chuir go Gaedhilg.

Muinntir C. S. Ó Fallamhain, Teo. i gcomhar le hOifig an tSolathair. 1929. 47 leathanach.

Is scéal faoi Chathal Buidhe Mac Giolla Ghunna an chéad dráma. Tá an dráma suite i dteach tuaithe i gCúige Uladh sa bhliain 1756. Tá an dráma an-ghearr. Tá an dráma 'Aiséirighe' suite i dteach, thart ar fiche míle as Baile Átha Cliath. Máirt na Cásca atá ann, sa bhliain 1916. An líon tighe ag súil le scéal éigin ón gCathair, i dtaobh an Éirí Amach. Tá duine den chlann mhac i mBaile Átha Cliath. Dráma gearr go maith.

Atáile: Dráma le Racine as Stair Righthe Iúda

Pádraig de Brún d'aistrigh. Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo, B.Á.C. 68 leathanach.

Is sa bhliain 1691 a scríobh Racine an dráma atá aistrithe sa leabhar seo ar iarratas ó Madame de Maintenon. Ba é seo an dráma deireannach a scríobh sé. Tá an dráma bunaithe ar shaol Atáile, iníon Achab agus Iésabel, rí agus banríon a bhunaigh adhradh an Dé Fhallsa, Bál in Iosrael.

Tá na Francaighe ar an Muir.

Peadar Mac Fhionnlaigh (Cú Uladh) M.H. Gill & Sons, 56 leathanach

Tá leagan Béarla den dráma 'The French are on the Sea' san leabhar freisin. Sé Manus Ó Dómhnaill, ceannasaí na nÉireannach Aontaithe in Iarthar Thír Chonaill. Tá sé féin agus Dagon, duine dena chuid fir, i ngrá leis an gcailin céanna. Tréigeann Dagon Mánus agus a chuid fear, de bharr a chuid éada lena Cheannasaí. Tá an Cóip seo sínithe ag an údar.


previousPrevious - Drámaí
Next - Drámaí IIInext