Drámaí III

An Tinceur agus An tSidheóg

'An Craoibhín' (Dubhglas de hÍde) do cheap.

Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 5 Sráid Thobar Phádraig, B.Á.C. 181 leathanach.

Bhunaigh 'An Chraoibhín' an dráma aon-ghníomh seo ar amhráin na nGael. Go minic castar bean álainn as an Sídhe ar dhuine saolta. Nuair a thiteann sé i ngrá léi imíonn sí uaidh. Sin a thárlaíonn don tincéir bocht sa dráma seo! Léiríodh an dráma ar dtús sa bhliain 1902.

Cluichí Gearra (An Pósadh)

An Craoibhín (Dúbhglas de hÍde). Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 31 leathanach.

Tá Máire agus Mártan 'théis pósadh. Tá siad beo bocht. Tá siad ar tí rud beag a ithe. Tagann Veidhleadóir dall isteach agus tá ocras air. Tugann an lánúin a bhfuil de bhia acu don Veidhleadóir. Is é Raifterí an Veidhleadóir!

An Danar

Piaras Béaslaí. Muintir C.S. Ó Fallamhain, 1929, 56 leathanach.

Dráma trí mhir é seo atá bunaithe ar na nDubh-Ghall i nDuibhlinn. Is scéal Olaf agus Inga atá ann agus léiríodh an dráma don chéad uair in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1928. Fuair an dráma an bonn óir ag 'Aonach Tailtean' i 1928.

Cluichíní Ón Iasacht

Connradh na Gaedhilge, B.A.C., 1920. 101 leathanach.

Tá tri dhráma sa leabhar seo. Tá 'An Mhuir' suite i dteach iascaire ar oilean éigin a deirtear atá amach ó chósta Chonamara. Tá an t-iascaire ina chonaí lena mháthair agus beirt dheirfiúr leis. Cé go ndeirtear gur i gConamara atá sé suite, is i nGaeilge na Mumhan atá an dráma scríofa. Is iad 'Fear na n-Amhrán agus 'Caimbéal na Coille Mhóire' an dá dhráma eile.

An Ball Dubh

Micheál Ó Siochfhradha. Muintir C.S. Ó Fallamhain, 1929, 80 leathanach.

Tá an dráma suite i gCiarrai, i bhFómhar na bliana 1869. Is Tiarna Talúna é Donnchadha de Brún. Ta rún aige na tionóntaithe ata ar a chuid talúna a chur as seilbh. Tá an t-eolas seo ag na Finíní. Cuireann siadsan a chrannaibh é, cé a dhéanfas an Tiarna Talún a mharú. Titeann sé ar chrann Ruaidhrí, fear óg, ach tá Ruaidhri agus inion an Tiarna i ngrá le chéile - Tragóid. Cuireadh an dráma seo ar stáitse don chéad uair in Amharclann na Mainstreach ar an 5ú Márta, 1927.

Cluichí Gearra-An Leas Mháthair

Séamus Ó Maoildhia a d'aistrigh ón mBéarla.

Oifig Foillseacháin an Rialtais, 53 Leathanach.

Dráma cheithre radharc bunaithe ar scéal 'Hansel and Gretel'.


previousPrevious - Drámaí II
Next - Drámaí IVnext