Finscéalta II

Eachtraí Móra ár Staire

Pádraic Ó Conaire

Micheál Ó Maoláin M.E. a chur in eagar, 99 leathanach.

Sa leabhar seo a scríobh P. Ó Conaire "chun grá d'ár dTir a mhéadú i gcroithe aosa óig na hÉireann", tugann an scéalai ar fud na tíre agus thar lear muid. Ina bhealach ealaíonta féin meallan sé an léitheoir óg ón Dileann go hÁth Fherdia go Tír na nÓg, Brú na Bóinne, Gleann na Smól, Baile an Fhaoitigh, Cill Alaidh, Teamhair, pósadh Strongbow le h-iníon Ui Mhurchadha go hAifreann ar bharr cnoic iargúlta agus ar thuras as Gaillimh go dtí na Stataí le Seán Ó Niadh agus isteach go hOifig an Phoist i mB.A.C. i 1916. Seód de leabhar, scríofa ag Padraic ina bhealach tarraingteach féin.

Brian Óg

Pádraic Ó Conaire

Comhlucht Oideachais na hÉireann,Teo. 83 leathanach.

Is ábhar sagart i gColáiste na nGael i Lisbon é Brian Óg Dálaigh sa bhliain 1689 ach is fearr leis a bheith ina shaighdiúr. Fáigheann sé deis nach raibh súil aige leis, an Choláiste a fhágáil agus teacht abhaile go hÉirinn. Is as Gaillimh é Brian ach de bharr go raibh bád as Sasana sa tóir ar an mbád a raibh sé uirthi is i bPort Láirge a thagann sé i dtír. Fáigheann sé amach go bhfuil dhá Rí in Éirinn, Liam agus Séamus. Ag siúl an bhealaigh go Gaillimh a bhi sé nuair a cuireadh cor sa gcinniúint. Tárlaíonn eachtraí do ar an mbealach agus ár ndóigh tárlaíonn 'Cath na Bóinne'. Roimh dheireadh an scéil buaileann Brian le Rí Séamus agus an rí ag teicheadh ó bhriseadh na Bóinne. Castar cailín óg ar Bhrian freisin.

Eamhain Macha

Tomás Ó Concheanainn agus a chéile a scriobh, 52 leathanach.

Scéalta gairide faoi Chonchubhair Mac Neasa, Clann Mhac Uisneach, Deirdre agus Naoise, An Táin Bó Cuailnge, an Troid ag an Ath idir Cú Chulainn agus Feardia, agus mar a fuair Cú Chulainn a ainm.

Bruidhean Chaorthainn

Pádraig Mac Piarais a chur in eagar i 1908.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C., 1924, 58 leathanach.

Scéal Fiannaíochta, Fionn agus Oisín agus na Fianna. Déanadh ath-scríobh ar an scéal i nGaeltacht na hAlban i 1603!



 

Leabhar na Laoitheadh

J.J. O Kelly

M.H. Gill & Son, Ltd. 1911. 150 leathanach.

Bailiúchán le J.J. O' Kelly de scéalta Fiannaíochta agus Laoithe (dánta). Tá na scéalta i mBéarla sa chéad chuid agus na laoithe, i nGaeilge sa dara cuid. Tá agallamh Oisín le Naomh Pádraig sa dara cuid den leabhar. Tá cur síos 'sna hagallaimh seo ar eachtraí, seilg agus cathanna a throid na Fianna.

Transactions of the Ossianic Society for the year 1857

Professor Connellan a chur in eagar. 1860 340 leathanach.

Bunaíodh an cumann seo sa bhliain 1853 chun sean lámhscríbhinní na hÉireann a bhain leis an bhfiannaíocht a chaomhnú agus a fhoilsiú. Sa leabhar tábhachtach seo déantar cur síos ar fhilíocht na mbárd a bhain leis an tréimhse seo. Tá aistriúcháin Béarla agus nótaí chomh maith le measgra de bhun dánta Gaeilge ó na lámhscríbhinní sa leabhar seo. I measc na bhfilí, tá Amergin, Lughaidh, Roighe Rosgadhach agus Colmcille.

Conchubhar Mac Neasa

Peadar Mhag Fhionnghaile do dheachtuigh.

Connradh na Gaedhilge, 1914, 95 leathanach.

Foilseachán de chuid Chonradh na Gaeilge ag tús an chéid. Tá stair sheanchas 'Curadh na Craobhruaidhe' le fáil anseo ina ndéantar cur síos ar na h-eachtraí móra a bhain leis na laochra, Cúchulainn ina measc. Tá tagairtí, foclóir agus nótaí ar na pearsain atá luaite sa leabhar.


previousPrevious - Finscéalta
Next - Finscéalta IIInext