Leabhair don Aos Óg

Ceachta Beaga Gaedhilge; 1, 2 & 3

Norma Borthwick a chur i n-eagar. Léaráidí déanta ag Jack B. Yeats.

The Irish Book Company, 35 Upper O Connell St., 1902, 88 leathanach.

Déanadh iarracht sna leabhair seo modh múinte leitheoireachta a chur ar fáil do pháistí a raibh labhairt na Gaeilge acu cheana agus do dhaoine fásta a bhí ag iarraidh léamh na Gaeilge a fhoghlaim. Tá tríocha agus a seacht léaráid fíor-álainn le Jack B. Yeats sna leabhair le teidil ar nós 'Tá Seán ag gabháil ar an nGadhar' agus 'Tá Nóra ag sliseáil'

Teamhair

An tAthair Pádraig Ua Duinnín, M.A, D.Litt.

"Sraith Éirleamh Éireann"

Brún agus Ó Nualláin, Teor. 48 leathanach

Scéalta beaga do ghasúir mar shampla, An Tobar, An Dá Frog, An Mactire is an Chorr Iasc, An Choileán Gadhair agus An Leanbh. Tá cúpla dán beag ann freisin. Tá pictiúirí gleoite daite agus tá ceisteanna ag deireadh an leabhair.

Bábáin na Coille agus An Bhábóg a chuaidh ar Fán

Domhnall Ó Mathghamhna a chuir in eagar.

Brún agus Ó Nóláin, Teor. B.Á.C., Béal Feiriste, Corcaigh, Portláirge.

Dhá shean-scéilín do ghasúir óga. (1) Buachaill agus Cailín a fuair drochíde ó bhithiúnaigh agus a fágadh leo fein i gcoill mhór dhorcha. (2) Bhí cailín beag, Caitlín, ar a bealach abhaile ón scoil. Chonaic sí babóg caite ar thaobh an bhóthair......labhair an bhabóg!

Cóilín O Cuanaigh (Leabhar Sgoile)

Pádraic Óg Ó Conaire

Cumann Liteardha na mBeanna Beóla

Brún agus Ó Nólain, Teor. B.A.C. 1923, 50 leathanach.

Le foclóir ar chúl, chomh maith le ceisteanna a bhaineann le gach caibidil. Scéal faoi bhuachaill óg a raibh cónaí air in Inis Mór, Arainn. Agus é ag fanacht go dtiocfadh a athair isteach ó iascach, thit Cóilín isteach san bhfarraige agus chur aithne ar rón, eascann agus Maighdean Mhara! Ar an leathanach deiridh, tá sé ráite gurbh í Bean Mhic Pháidín a scríobh bunáite an scéil seo i mBéarla.


Next - Leabhair don Aos Óg IInext