Leabhair don Aos Óg II

Ceol na Mara

Máire Ní Ghuairim

Maisithe ag H. King. Brún agus Ó Nualláin Teor., An Cló Richview, Cluain Sceach. 107 leathanach.

Leabhar léitheoireachta don aos óg a chuir an t-údar le chéile atá anseo. Tá scéalta le Hans Andersen ann, agus scéal ón tSín chomh maith le scéalta Éireannacha. Leabhar an-deas í le pictiúir. Tá "Na Beanna Beola", dán a scríobh Máire Ní Ghuairim féin, ar chúl an leabhair. Sa réamhrá deirtear go bhfuil "draíocht an iarthair" ar gach uile leathanach den leabhar álainn seo.

An Sionnach Glic agus Scéalta Eile

Seoid-Scéalta 1

Tomás Ó hAodha

Brún agus Nóláin, Teoranta, B.Á.C. Béal Feirste, Corcaigh, Portlairge. 24 leathanach.

Scéalta gearra iad seo don aos óg agus ceacht le foghlaim uathú. Tá "An Sionnach agus an Préachán" agus "Críost agus na Páistí" sa leabhar. Tá go leor pictiúir d'ainmhíthe inti a thaithneódh le gasúir óga.

Eachtraí an Bharúin Munchausen

Cólulcht Foillsighthe Dáibhis, 8 Sráid Loingeas, Áth Cliath.32 leathanach.

Leabhar an-deas do pháistí agus d'fhóghlaimeoirí a dhéanann cur síos ar na h-eachtraí a thárlaíonn don Bharúin Munchausen ó Amsterdam. Tá pictiúir ar gach leathanach agus tugann siad léargas an-mhaith dúinn ar an saol spéisiúil a chaith an Barúin Munchausen. Ta clúdach deas ar an leabhar.

Sidhe Scéalta na mBráthar Grimm

Próinnséas Ó Súilleabháin, D.Ph.

Alec Tom agus a chuid Teóranta, Sráid Cró, B.Á.C. 51 leathanach.

Insint Ghaeilge ar na scéalta béaloideasa a bhailigh na bráithre Grimm. Chúig scéal atá sa leabhar, "An Prionsa agus an Frog" agus "An Ghé Órdha" ina measc. Tá pictúir leis na scéalta agus foclóir ar chúl an leabhair. Tá pictúir ghleoite ar an leathanach teidil.

 

Seoda na Sean (Cuid a hAon)

Tomás Ua Concheanainn agus a chéile a scriobh

Brún agus Ó Nóláin,Teo.,67 leathanach.

Leabhar scoile ina ndéantar cur síos ar go leor de na scéalta a bhain le 'Sean-Éireann'. Tá cur síos ar Chlann Mhleadh, Teamhair na Ríogh agus tá eolas faoi na cheithre féilte móra. Tá pictiúir sa leabhar.


previousPrevious - Leabhair don Aos Óg
Next - Leabhair don Aos Óg IIInext