Pádraic Ó Conaire

1882 –- 1928

Rugadh Pádraic Ó Conaire i nGaillimh an 20ú Feabhra, 1882. Bhí teach tábhairne ag a athair ansin. Ní raibh sé ach sé bliana d'aois, nuair a chailleadh a athair. Chuir sé tús le na chuid scolaíochta i nGaillimh. Is cosúil gur cailleadh a mháthair agus Padraic fós óg. Cuireadh go Rosmuc é, áit a raibh siopa láidir ag a uncail. Ba é sin Tigh Chonroy ar an nGairrfean. D'fhóghlaim sé a chuid Gaeilge i Rosmuc. D'fhreastal ar scoil an Turlaigh Bhig.

Théis cheithre bliana chuaigh sé go Coláiste Charraig an Tobair i mBleá Cliath, agus ina dhiaidh sin Coláiste na Carraige Duibhe. Bhí Éamon De Valera sa rang leis. In 1899, nó mar sin, fuair sé post i Londain, áit ar thosaigh sé ar a chuid scríbhneoireachta.

Bhí baint mhór aige le Conradh na Gaeilge, agus bhíodh sé ag múineadh gaeilge thall. Bhain sé go leór duaiseanna Oireachtais, agus foilsíodh cuid dá chuid saothair san gClaidheamh Solais. Phós sé agus bhí ceathrar clainne aige.

D'fhill sé ar Éirinn ag tús an Chogaidh Mhoir. D'fhág a bhean is a chlann i Sasana. Maraíodh a bhean i Londain nuair a buamáileadh an chathair sin. Chaith sé an chuid eile dá shaol in Éirinn. Bhí sé ina thimire ag Conradh na Gaeilge, agus ar an gCoiste Gnó. Thaisteal go leór, ag múineadh Gaeilge.

Foilsíodh go leór dá chuid; aistí, litreacha, gearrscéalta, scéalta do'n aos óg.

Fuair sé bás in Ospidéal Richmond, i Mí Deireadh Fómhair 1928. Tá sé curtha san reilig nua i nGaillimh. Tá a dhealbh ar an bhFaiche Mhór, i gCathair na Gaillimhe.

Cuid dá shaothar

An Scoláire Bocht, agus scéalta eile, Conradh na Gaeilge, 1904 agus 1913.
Nora Mharcais Bhig, 1906
Deoraidheacht, 1910
An Chéad Chloch, Connradh na Gaeilge 1914
Seacht mBua an Éirí Amach, 1918
An Crann Géagach, 1919
Tír na n Íontais, 1919
Béal an Uaignis, 1921
Siol Éabha, 1921
An Chinniúint, 1924
Eachtraí Móra ón ár Stair, 1924
Trí Truaighe na Scealaíochta, 1924
Mór-thimcheall Éireann Ar Muir, 1925
Fearfeasa Mac Feasa, 1930
Brian Óg
Beagnach Fíor
Cubhair na dTonn
Scéalta an tSáirsint Rua
Seoigheach an Ghleanna
M'asal Beag Dubh


previousPrevious - Pádraig Mac Piarais
Next - Pádraig Óg Ó Conairenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections