Pádraig Mac Piarais

1879 - 1916

Rugadh i mBaile Átha Cliath. Saor cloiche a bhí ina athair, James, a bhí pósta le Emily Fox. Bhí beirt ghasúir acú. Cailleadh Emily i 1876, agus, in 1877, phós James Margaret Brady, de bhunadh na Mí. Bhí ceathrar gasúir acu; Maighréad, Pádraig, Liam, agus Máire Bríd. D'fhág na Piarsaigh lár na cathrach agus d'aistrigh go Domhnach Broc, agus aríst go Raghnallach. Nuair a bhunaigh Pádraig Scoil Éanna, 1908, d'athraigh an chlann go Bóthar Oakley.

Chuaigh Pádraig agus Liam chuig scoil phríomháideach, ar dtús. D'aistrigh siad go Scoil na mBráthar i 1891, agus chríochnaigh Pádraig an cúrsa sin in 1896. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge an bhliain céanna. I 1898 bhi sé an-ghnóthach i gcúrsaí gaeilge, agus bhí sé ina chúntoir i Scoil na mBráthar. Toghadh é ar Choicte Gnó an Chonartha. Chuaigh sé ar ollscoil, agus bhain amach céim B.A. agus B.L. Sa mbliain 1900, toghadh é ina Rúnaí ar Choiste Foilseachán an Chonartha, agus ina bhall de Choiste Oideachais an Chonartha i 1902. Bhí sé ina dhlíodóir cáilithe. Ní raibh mórán meas aige ar an ngairm, agus ní dhearna sé morán den obair sin. Ní raibh sé ach 19 bliain nuair a foilsíodh an chéad leabhar leis. Bhí sé ina Eagarthóir ar An Claidheamh Solais ó 1903 go 1909.

Bhí an-tóir ag an bPiarsach ar Iarthar na hÉireann: ar an teanga agus ar an gcultúr. Bhíodh sé ag triall ar an áit go rialta. Bhíodh sé i gCois Fharraige, agus in Árainn. Thóg sé teach i Rosmuc sa mbliain 1909, agus is léir go raibh an – tionchar ag an áit sin air, agus ar a chuid scríbhneoireachta. Tá furmhór a chuid scéalta bunaithe i Rosmuc. Ba í Rosmuc a scríobh sé an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, 1915.

Chuir sé iris pholaitíochta An Barr Buadh, ar bun, 1912. Ceapadh ina bhall den Choiste Míleata, agus Ard Chomhairle Bhráithreachas Poblachta Éireann 1915. Ceapadh ina Uachtarán ar Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann 1916. Bhí ina Ard Cheannasaí ar Arm na Poblachta, 1916: Éire saor gaelach a bhí uaidh Phadraig Mac Piarais. Faoi Nollaig 1915, bhí an cinneadh déanta, Éirí Amach faoi Cháisc 1916. Luan Cásca, 24ú Aibreán,1916, léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta, i ndoras Ard Oifig an Phoist, agus bhí tús leis an Éirí Amach. Bhi an troid thart faoí cheann seachtaine, agus ghéill na cinnirí. Cuireadh go priosún Chill Mhaighneáin iad.

Ar an 3ú lá de Bhealtaine, théis a dhaortha ag cuirt mhíleata, mharaigh na Sasanaigh Pádraig Mac Piarais, sa gclós i gCill Mhaighneáin. Ní raibh sé ach 37 bliain d'aois. Maraíodh Tomás Ó Cléirigh, agus Tomás Mac Donnchadha leis. Ba i gCill Mhaighneáin a scríobh an Piarsach "The Wayfarer". An oíche a raibh sé ag fanacht le na bhás, scríobh sé litir chuig a mhathair, chuig a dheartháir Liam, agus scríobh cuntas ar a thriall.

Cuid Dá Shaothar

Poll an Phiobaire, 1906.
Íosagán, agus scéalta eile, 1907
Suantraithe agus Goltraithe, 1914.
An Mháthair, agus scéalta eile, 1916.

Bruidheann Caorthainn, 1908.

Ós Cionn na Fairrge agus Aistí Eile

Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais


Scríobh sé scéalta eachtraíochta, i mBéarla agus i nGaeilge, do dhaoine óga.


Scríbhínní polaitíochta: Ghosts, The Spiritual Nation, The Separatist Idea, The Sovereign People.


previousPrevious - Eóin Mac Néill
Next - Pádraic Ó Conairenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections