Pádraig Ó Duinnín

1860 - 1934

Rugadh ar an 25ú Nollaig sa Charn, i gceantar Shliabh Luachra, i gCiarraí. D'fhreastal ar an scoil áitiúil ar na Mínteóga, scoil a deirtear, a tógadh leis na clocha a tháinig as teach Eóin Rua Ó Súilleabháin. Ba uncail dó, ar thaobh a mháthar, a bhí dá mhúineadh sa scoil sin. Chuaigh chuig scoil na nÍosánach. Bhí Gerard Manley Hopkins dá mhúineadh. Rinne staidéar ar an Nua Ghaeilge, agus Matamaitic. Scoláire mór, le Béarla agus Gaeilge, stairí, fear taighde, matamaiticeóir, iriseóir ab ea é. D'fhóghlainn sé Laidin ó'n sagart a bhí ina cheantar féin. Bhí dúil thar cuimhse sa léann aige, ó bhí sé an–-óg. Tugadh faoí deara, luath go maith ina shaol, gur an-ábhar múinteóra a bhí ann, ach ní raibh sé féin claonta sa treó sin ag an am.


Sa mbliain 1880 chuaigh isteach sa Nóbhíseacht i bPáirc Bhaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath. Trí bliana ina dhiadh sin bhí sé ag freastal ar Cholaiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhain céim B. A. amach in 1885, le onoracha san Litríocht Nua-Aimseartha, agus san Eolaíocht Mhatamaiticeach. Sa mbliain 1886, chuaigh go Coláiste Ainéislis, Tulach Beag, mar léachtaí le Matamaitic agus Fisic. Bhain céim M. A. amach in Eolaíocht agus Matamaitic 1889. Ó 1890 go 91, bhí ina léachtaí i gColáiste Mhuingairte i Luimneach.


Sa mbliain 1894, hoirníodh ina shagart de chuid na nÍosagánach é. Chaith bliain sa mBeilg ar chúrsa spioradálta, 1897 go 1898. Bhí ag teagasc i gColaiste Choill Chluain Gabhann ó 1898 –go 1900. Béarla, Matamaitic agus Fisic, a bhí mar ábhair aige ansin. Bhí sé ag an am seo ag dul go mór i dtreó na Litríochta béarla. Cheap sé gur chóir ligean do'n Ghaeilge sleamhnú lei isteach sa tsiorraíocht. Ach, tháinig athrú aigne, agus rinne sé obair na gcapall ar son na Gaeilge ina dhiadh sin.


Bhí sé an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge. Bhi sé ar Choiste Gnó an Chonartha, ar Choiste na Timireachta, Coiste an Oideachais, Coiste na bhFoilseachán, agus Coiste an Litrithe. Sa mbliain 1898 mhol an tAthair Eoghan Ó Gramhna, Leas-Uachtarán an Chonartha, foclóir Gaeilge/Béarla a ullmhú. Thosaigh an tAthair Peadar Ó Laoghaire agus Daithí Coimín ar an obair, ach bhí othu éirí as. Tháinig Eóin Mac Neill ina n-áit i ndeire na bliana 1901, ach ní raibh seisean in ann an obair a dhéanamh.


Idir an dá linn, bhí an tAthair Ó Duinnín imithe as an gCumann Íosagánach (Lúnasa 1900). Thit an obair ar an Duinníneach agus tháinig an Foclóir amach sa mbliain 1904. Bhí 804 leathanach san leabhar sin. Sa mbliain 1927, chuir sé eagrán nua amach, a raibh 1340 leathanach inti. Déanadh athchló 1934.


Rinne sé eagarthóireacht ar fhilíocht Aogan Ó Rathaille, 1900; Eoghan Rua Ó Suilleabháin, 1901; Sean Clárach Mac Domhnaill, 1902; Seafraidh Ó Donnchadha, 1902; agus Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, 1903. Eagarthóireacht ar Foras Feasa ar Éirinn, 1908 –- 1914. Scríobh ficsean, agus dánta do'n Chonradh.


Bhí sé ina chathaoirleach ar Chraobh an Chéitinnigh ó 1904 go 1909. Bhí breis agus 85% de'n Chraobh sin páirteach san Éirí Amach 1916! Bhí ag scríobh aistí do'n Leadar ó 1906 go 1929.
Nuair a chuaigh sé in aois, bhí sé ar dhuine de charachtairí móra Bhleá Cliath. Bhí aithne ag chuile dhuine air. Chaitheadh sé an lá san Leabharlann Náisiúnta. Bhí sé ina chónaí i bPort Mearnóg sna blianta deireanacha, ar lóistin i dteach ansin.


Chaith sé go leór ama ina cheantar dhúchais i gCiarraí, i ndeireadh a shaoil. Bhuail taom é san Leabharlann Náisiúnta, lá amháin. Tugadh chuig Ospidéil Naomh Uinseann é, agus fuaireadar amach go raibh niúmóine air. Fuair sé bás ar an 29ú lá de Mheán Fhomhair 1934.

Cuid dá shaothar

Cormac Ó Conaill, úrscéal, 1901.
Creideamh agus Gorta, dráma, 1901.
An Tobar Draíodheachta, dráma, 1902.
Gírle Guairle, dráma, 1904.
Comhairle Fithil, dráma, 1909.
Teachtaire Ó Dhia, dráma, 1922.
Startha as an Soiscéal i bhFilíocht, 1911.
Spiorad na Saoirse,
1919.
Rosca agus Duanta

Me Guidhir Fhearmanach, 1917.
Scealóga le haghaidh na scoileanna.
Scéal na hÉireann (Ó Thosach go Teicheadh na nÍarlaí), don aos óg, 1933.
Teamhair, 1933.

Prós Gaedhealach

Sabhall: Sraith Éarlamh Éireann

Saoghal i nÉireann

Eagarthóireacht, seachas na cinn luaite thuas

Aistí ar Litridheacht Ghréigise is Laidne
Dánta Phiarais Feiritéir, 1903.
Amhráin Sheáin Uí Thuama, agus Aindrias Mhic Craith, 1906.
Faoistín Naomh Pádraig, 1906.

English-Irish Dictionary, 1918.


previousPrevious - Pádraig Ó Domhnalláin
Next - Colm Ó Gaoranext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections