Pádraig Óg Ó Conaire

1893 - 1971

Rugadh Pádraig i Rosmuc Co. na Gaillimhe sa mbliain 1893. D'fhreastal sé ar an scoil áitiúil, agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Éanna i mBaile Átha Cliath. Chaith sé fiche bliain ina mhúinteóir taistil do Chonradh na Gaeilge. Bhí aithne mhaith aige féin agus Colm Ó Gaora ar a chéile, agus go deimhin ba dlúth chairde iad. Ba é Colm a sheas le Pádraig ar lá a phósta.


Bhí sé ina bhall den I.R.B. Bhain gearrscéal dá chuid an chéad duais ag Oireachtas 1913. Chaith se tamall ar fhoireann aistriúcháin Theach Laighean. Chaith sé blianta fada ag léamh an nuacht ar Raidío Éireann. Fuair bonn óir ar Aonach Tailteann, 1924, ar Seoda ón Iarthar Órdha. Fuair an chéad duais ar úrscéal, Ceol na nGiolcach, 1938.

Cuid dá shaothar

Cóilín Ó Cuanaigh, 1923.
Solus an Ghrádh, 1923.
Deoraidheacht, 1933.
Éan Cuideáin, úrscéal, 1939.
Ceol na nGiolcach, úrscéal, 1939.
Bean an Fheilméara, aistriúchán ar an dráma Béarla a scríobh Eden Phillpotts, 1936.


Aistriúcháin eile ;
Summer's Day le Maura Molloy, 1939
Ór Spáinneach, le G. A. Birmingham, 1938.
An Priosún, le George Shiels. 1944.
An Tiarna Eadbhard, le Christine P. Packenham, 1944


previousPrevious - Pádraic Ó Conaire
Next - Tomás Bán Ó Conceannainnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections