Seán Ó Ruadháin

1883 - 1966

Rugadh i nGaoth Sáile i gCo. Mhaigh Eó. Bhí a úrsceal 'Pádraic Mháire Bhán, nó 'An Gol Agus an Gáire' (1932) ar an scéal ba mhó a raibh tóir air ó na tríochaidí go dtí na seascaidi. Cuireadh athchló ar an leabhar 1934, 1935, 1937, 1938,agus aríst sna naochaidí, sa gcló nua.


Múinteóir Gaeilge a bhí ann agus Gaedhal dílís. Bhí sé ag múineadh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, faoí Chonradh na Gaeilge, i Sligeach, ina Ollamh le Gaeilge ar an gCarraig Dhubh, Bhleá Cliath. D'aistrigh sé scribhinní le Dickens, agus Stevenson go Gaeilge, do'n Ghúm. D'fhoilsigh Grinn sgéalta 1929, do ghasúir. Bhí sé ar Choiste Gnó an Chonartha, ina Uachtarán ar Chumann na scríbhneóirí. Bhíodh sé ag scríobh altanna san An Scuab, An Fáinne, Ar Aghaidh, an Connachtach, agus The United Irishman.

Bhí sé ina thimire ag Sinn Féin i gConnacht ó 1917. Chuir amach Sgéalta Gearra Scoile, in éineacht le Tomás Ó Raghallaigh, 1929. Rinne sé athinsint ar Stair na hEorpa Thiar, a bhí scríofa ag Micheál Ó Maoláin. Foilsíodh gearrscéalta/ aistí leis an bhliain taréis a bháis, 'An Mothall Sin Ort.'

Tá sé curtha i nGráinseach an Déin.


previousPrevious - Tomás Ó Raghallaigh
Next - Pádraig Ó Siochfhradhanext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections