Seosamh Laoide

1865 - 1939

Rugadh i mBleá Cliath. Protastúnaigh a bhí ina mhuintir. Chomh maith le Gaeilge bhí Fraincís agus Gearmanais aige. Fuair sé post in oifig le Boithre Iarainn an Tuaiscirt ag sé bhliana déag d'aois. Rinne sé saothar mór ar son na Gaeilge ar feadh tréimhse dá shaol.

Rinne sé go leor, leor, eagarthóireachta. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge, agus de Choiste na bhFoilseachán. Bhí baint mhór aige leis an méid leabhair a cuireadh amach sna blianta tosaigh de'n 20ú céad. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar fud na hÉireann, go mór mór sna Gaeltachtaí. Bhí aithne aige ar an t-Athair Peadar Ó Laoghaire. Bhí an suim aige i gcanúintí, agus ag bailiú béaloideas. Bhí sé ina bhall de'n Acadamh Ríoga. Scríobhadh sé go leor altanna sna hIrisí, agus páipéir an ama.

Tá sé curtha i nGráinseach an Déin.

Cuid Dá Shaothar


Eag. An Buaiceas, ('Conán Maol'; Pádraig Ó Séaghdha) 1903.
Eag. Seachrán Chairn tSiadhail, 1904 (Micheal Ua hÍr a chuir tús leis).
Scéal Chúchulainn ag Cuan Carm, 1906.
Meascán Músgraighe, 1907.
Eag. An Léightheóir Gaedhealach, in éineacht le Eóin Mac Néill, agus Peadar Mac Fhionnlaoich, 1907.

Mac Mic Iasgaire Bhuidhe Luimnigh, 1911.
Alasdair Mac Colla, 1912.

Cruch Chonaill, 1913.
Tagar agus foclóir le Eachtra Thaidhg Mhic Céin, ('An Seabhac') athinsint ar shean scéal, 1914.
Duanaire na Mídhe, 1914.
Tonn Tóime, 1915.
Fian Laoithe, 1916 (laoithe ó Éirinn agus Albain).
Eag. Post Sheanchas, i nGaeilge agus Sacsbhéarla, 1922. Contaetha, Cúigí, Seoladh litreach & rl. 1922.

An tÉinín Órdha

Dearg Ruathar Chonaill Chearnaigh

Éan an Cheoil Bhinn


previousPrevious - Dubhghlas de hÍde
Next - Seoirse Mac Clúinnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections