Tomás Bán Ó Conceannain

1870 - 1946

Rugadh in Inis Meáin, Oileán Árainn, ar an 16ú Samhain, 1870. Mac le Páidín Ó Conceannain agus Áine Ní Fhátharta. Chuaigh sé chuig scoil an oileáin, agus chuig scoil náisiúnta in nGaillimh.


Thug a dhearthair go Meiriceá é nuair a bhí sé 15 bliain d'aois. D'fhreastal sé ar Cholaiste Bhoston, agus Coláiste Livermore i gCailifornia. Chuir sé críoch le na chuid oideachais i gColaiste Eastman, i Nua Eabhrach, agus céim M. A. aige, sa gcunntasaíocht. Bhi gnó aige i Mexico, agus é ag déanamh go maith ann.


Nuair a tháinig sé ar saoire go hÉirinn, i Mí Lúnasa na bliana 1898, chuir se suim i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge, agus d'fhan sé in Éirinn ag obair leo mar thimire. Ba é seo an chéad thimire ag an gConradh. Thug sé cuairt ar Mheiriceá in éineacht le Dubhghlas de hÍde, i 1905, ag bailiú airgid do'n Chonradh.
D'oibrigh Tomás mar thimire do'n Chonradh go dtí 1911, agus go deónach ina dhiadh sin. Bhí sé ina chónaí i gCo. Mhuineacháin go dtí 1912, agus fuair post mar Chigire Cánach i nGaillimh.

Chuir sé faoí i Lios na Mara, Bóthar na Trá, Gaillimh. Mhair sé ansin lena bhean, an Seanadóir Helena Uí Choncheannain. D'oibrigh an bheirt acu le chéile ar go leór leabhair. D'éirigh sé as a chuid oibre san mbliain 1938. Go gairid ina dhiaidh sin, bhronn Coláiste Náisiúnta na hÉireann céim onórach L.L.D. air. Cailleadh in nGaillimh é, sa mbliain 1946.

Cuid dá shaothar

Mion Chomhradh; leabhar cainte Gaedhilge/ Béarla, 1903.
Gormfhlaith; Inghean Árd Ríogh Éireann, scéalta nua, dhéanta, 1905.
Nuaidheachteoireacht ar Muir, uimh. 1 de 9 sraitheanna darbh teideal ''Saoghal an Lae indiú" 1911.
Seóda na Sean, Cuid 1; le Helena Uí Chonceanainn, 1924.
Laochra Gaedheal; le Helena, 1936.
Eamhain Macha; Cú Chulainn agus Ridirí na Craoibhe Ruaidh, le Helena.
Inis Fáil; Scealta faoí Árd, Righte na hÉireann le Helena.
Rinne sé aistriúchain ar "Blatha Bealtaine", le Mary Butler, 1902.

Focla Gnótha agus a gCora Cainte, 1904.


previousPrevious - Pádraig Óg Ó Conaire
Next - Pádraig Ó Domhnalláinnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections