Nádúr

Saoghal Éanacha

Tadhg Ó Ceallaigh

Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1925

Is féidir an chuid is mó de na héanacha sa leabhar bheag ghleoite seo a fheiceáil gan stró, tá siad timpeall ort gach lá i do gháirdin féin. Má tá fút éanacha ar nós an Ghiurainn a fheiceail ní mór dul i d'treo na Farraige, agus dul ag dreapadóireacht ar na carraigreacha. Is leabhar an-deas í seo chun eolas a cur ar na héanacha a chonaíonn timpeall orainn gach lá den bhliain.
 

Fotha Feasa

Le Liam de Lása. Léaráidi le Ailbhe Ó Monacháin.

Cómhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. B.Á.C. agus Corcaigh. 148 leathanach.

Cur síos cuimsitheach ar an domhan thart orainn. An Domhan, Plannd-Eolas agus Corp-Eolas. Tá foclóir sa leabhar seo.
 

Leabhar Craigh (Imleabhar 1, Capailliní Chonamara)

The Connemara Pony Breeders' Society. 1926. 39 leathanach.

Cumann Lucht Tógtha Capailliní Chonamara a chuir an leabhar seo amach. Tháinig siad le chéile sa bhliain 1923 agus chuir siad rompú pór an chapaill Chonamara a fheabhsú agus a mheadú. D'aithnigh siad an tábacht a bhí leis an gcapall breá oibre agus marcaíochta le h-eacnamaiocht na háite. Tá clár tugtha sa leabhar do láracha agus staltacha don bhliain 1925. Leabhar suimiúil.

Eólas ar Nádúir

Pádraig Ághas do scríobh, An Buachaillín Buidhe do mhaisigh.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, 89 Sráid an Tálbóidigh, B.Á.C. 69 leathanach.

Leabhar an-deas ar an mbitheolaíocht agus ar an dúlra ag tosú leis an amoéba. Tá an leabhar leagtha amach i dtrí chuid: ainmhithe, an dúlra agus plandaí. Tá na léaráidí tharr barr agus neart acu ann. "An Buachaillín Buidhe" a mhaisigh an leabhar. Tá mion-fhoclóir ar chúl agus clúdach corcra a chuireann le slacht an leabhair.

Luibh Sheanchus 1

Micheál Ó Maoldomhnaigh

M.H. Gill & a Mhac, teo., 1919, 96 leathanach.

Leabhar fíor spéisúil faoi luibh-sheanchus na hÉireann. Tugtar ainmneacha na luibheanna sa chéad chuid den leabhar i Laidin, Béarla agus Gaeilge. Tá nóta gearr ar an bhfiúntas a bhaineann leo ó thaobh chúrsaí leighis. Sa dara cuid déantar cur síos mion ar stair an leighis in Éirinn ó aimsir na ndraoithe i leith. Is léir ón leabhar seo go raibh saibhreas iontach ag baint le luibh-sheanchas na tíre seo.