Tír Eolaíocht

Tíreóluidhe ar Éirinn

Seán Tóibín

Brún agus Ó Nualláin, Teo. , 1922, 147 leathanach.

Séard a shocraigh Seán Tóibín a dhéanamh sa leabhar scoile seo ná ceangal a dhéanamh idir Thíreolaíocht agus Stair-Sheanchus na tíre agus iad a mhúineadh le chéile. Luann sé gur chaith Pádraig Mac Piarais go leor ama i Ros Muc mar shampla agus é ag déanamh cur síos ar Ghaillimh. Sa réamhfhocal fáigheann sé locht ar na daoine "thar lear gan móran suime acu i scolaíocht" a cheap scéim oibre na bliana roimh d'Éire a rialtas féin a fháil. Tá léarscáil suimiúil ar chúl an leabhair (1024) 'Éire Gaedhal' ina bhfuil cúig chúigi.

Tíreóluidhe Tosaigh

Seán Tóibín

Brún agus Ó Nualláin, TTA., 1930, 79 leathanach.

An domhan, lá agus oíche, na mór-ranna uisce, fearsaid an domhain, an ghaoth, báisteach, stoirm, toirneach agus a lán eile.

An Cruinneolaidhe

Seaghan Mac An Bháird

Connradh na Gaedhilge. 1906. 62 leathanach.

Leabhar Léightheoireachta Cruinneolais

Leabhar tirealaíocht i seo do lucht scoile atá roinnte ina gceachtanna agus gluais le gach ceacht. Cuireann an máistir scoile na ceisteanna ar na daltaí sa leabhar agus freagraíonn siad leis an eolas ceart. Iarracht atá sa leabhar seo tír-ghrá agus grá dá dteanga a chothú sna daltaí.
 

Leabhar Geograiphe (le haghaidh Scol agus Colaistí na hÉireann)

Seosamh Laoide

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teó., 1906, 44 leathanach.

Muintir Fhallamháin a chuir an leabhar seo amach i mBéarla i dtosach sa bhliain 1906. Bhí spéis riamh ag Seosamh Laoide sa geografaíocht agus d'aistrigh sé í go Gaeilge. Tá an leabhar soléite i nGaeilge a fheileanns d-ábhar an leabhair. Tugtar sainmhíniú ar na téarmaí a bhaineann leis an dtírealaíocht ag an tús. Tugtar léargas dúinn ar shaibhreas na teangan nuair a luann an t-údar cúig fhocal déag eile a d'fhéadfá a úsáid in áit an fhocail 'murbholg', le 'cuan', 'góilin' agus 'cuas' ina measc. Tá learscáil álainn daite dÉireann ag tús an leabhair.

Tír-Eólas na hEórpa

Caitlín Nic Ghabhann.

Comhlucht Oideachais na hEireann, Teo., 89, Sráid an Tálbóidigh, B.Á.C., 1923, 48 leathanach.

An chéad iarracht a rinneadh, eolas ar thiortha iasachta a scríobh i nGaeilge na linne seo. 52 ceist ag an deireadh.

Géograif don Ghaedheal Óg. Cuid a 1

Eibhlín de Buitléir do chéad-cheap i mBéarla, An Ollamh Liam Ó Briain, M.A. d'aistrigh, Eibhlín de Buirléir do rinne na léarsgáileanna.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor. B.Á.C. agus Corcaigh. 1929 263 leathanach.

Tá dhá roinn sa leabhar seo. Sa gcéad roinn cuirtear síos ar suiomh na hÉireann, cruth, sleibhte, aoráid, mianra, talamh agus maoin nádúrtha. Sa dara roinn, na calaphoirt, bealaigh uisce, bóithre iarainn, taisteal farraige, slí bheatha, tionscail, aistriú daonra, tráchtáil le tiortha eile agus na bailte. Ag deireadh an leabhair tá líon na ndaoine in Éirinn ó 1791 go 1926. Tá colún eile a thugann líon na ndaoine 'sna bailte móra ó 1841 go 1926.