Meath agus Athbheochan

Baineann stair teanga go dlúth le stair agus cinniúint na ndaoine a labhrann í agus is amhlaidh an cás leis an nGaeilge. Suas go dtí an 16ú céad, scéal beatha agus athbhorradh ab ea scéal na Gaeilge. Bhí an teanga tar éis í fhéin a chruthú i gcoinne thionchar ón iasacht idir chultútha agus theangeolaíoch. Glacadh isteach agus rinneadh gaelú ar go leor focal iasachta ón Laidin le teacht na Críostaíochta, agus níos déanaí ón Lochlainnis agus ó Fhraincís na Normannach.

Cé go raibh an Ghaeilge faoi bhrú ón bhFraincís agus ón mBéarla tar éis theacht na Normanach sa 12ú céad, d'éirigh léi túsáite a bhaint amach arís sa tír faoin mbliain 1500. Ba í an Ghaeilge príomhtheanga liteartha agus cultúrtha na n-uasal dúchasacha in Éirinn agus in Albain agus na taoiseach Angla-Normannacha a bhí 'gaelaithe' faoin am seo. Sna bailte, áfach, bhí an Béarla i réim agus ba é a bhí in úsáid mar theanga riaracháin iontu.

Ag deireadh an 16ú céad mhéadaigh ar iarrachtaí an tír a thabhairt níos dlúithe isteach faoi cheannas Shasana. Chuige sin bhí sé mar aidhm ag na Túdaraigh deireadh a chur leis na difríochtaí teangeolaíocha agus cultúrtha idir Éire agus Sasana, ar a laghad i measc na n-uasal.

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1603 agus Teitheadh na nIarlaí nuair a d'imigh príomhthaoisigh Uladh thar lear, bhí deireadh go deo leis an seanchóras Gaelach idir pholaitiúil agus chultúrtha le himpleachtaí dá réir do stádas na Gaeilge. Leis an bplandáil agus leis an athrú eigeandálach pobail a tharla tríd an 17ú céad mhéadaigh ar chumhacht an Bhéarla in Oirthear agus in Oir-Thuaisceart na tíre. Chuir feachtais Chromail, Cogadh Rí Liam agus na Péindlíthe a lean é, deireadh leis an uasaicme Gaelach agus le haon institiúidí Gaeilge a bhí ag brath ar a phátrúnacht. Béarlóirí ab ea an t-uasaicme nua agus Béarlóirí, leis, ab ea na haicmí gnó agus na haicmí gairmiúla sna bailte agus sna cathracha. Cé gurb í an Ghaeilge fós príomhtheanga formhór mór na nGael, fágadh lasmuigh de na hinstitiúidí stáit agus cumhachta í agus samhlaíodh í le bochtanas agus dul siar. Ag deireadh an 18ú haois, bhí 5 milliún duine ag maireachtáil sa tír. Ina measc bhí 2 milliún Gaeilgeoirí aonteangacha, milliún go leith a bhí dhátheangach i nGaeilge agus Béarla agus milliún go leith Béarlóirí.

An chuid is mó de na Gaeilgeoirí seo, cosmhuintir na tuaithe ab ea iad i nDeisceart, Iarthar agus Iar-Thuaisceart na tíre. Aicme thar a bheith leochaileach ab iad a ndearnadh slad orthu go leanúnach tríd 19ú haois le gorta, galair agus imirce. Ba bheag nár cuireadh deireadh ar fad leo de bharr an Ghorta Mhóir 1846-49.

Tréimhse chinniúnach an ea an 19ú haois don Ghaeilge. De réir daonáirimh 1851 bhí líon na nGaeilgeoirí laghdaithe go dtí beagáinín os cionn milliún go leith. Faoi dheireadh na haoise bhí sé sin titithe go dtí 600,000. Chomh maith leis an tionchar a d'imir gorta agus imirce ar na figiúirí sin bhí aistriú teanga ar siúl tríd an céad ó Ghaeilge go Béarla i measc na mbochtán de réir mar a samhlaíodh an Béarla le dul chun cinn eacnamaíoch agus polaitiúil. Fuair an dearcadh seo tacaíocht ar an gcuid is mó ón Eaglais Chaitliceach agus ó cheannairí polaitiúla ar nós Dhónail Uí Chonaill. Chomh maith leis sin bhí múineadh an Bhéarla mar phríomhaidhm sna Scoileanna Náisiúnta a bunaíodh i 1831. Buaileadh páistí dá mbearfaí orthu ag labhairt Gaeilge. Thacaigh go leor tuismitheoirí leis an bpolasaí sin i leith na Gaeilge mar b'fhacthas dóibh gur beag de bhuntáiste eacnamaíoch a bhronn an Ghaeilge ar a bpáistí i gcontrárthacht leis an mBéarla go háirithe nuair ab ionann dul chun cinn eacnamaíoch agus dul ar imirce. Bhí tionchar an dearcaidh seo le feiceáil i bhfigiúirí an daonáirimh 1891. Chomh maith leis an titim tubaisteach i líon iomlán lucht labhartha na Gaeilge bhí laghdú suntasach i gcéatadán na nGaeilgeoirí faoi bhun 10 bliain d'aois. Ní raibh ach 3.5% den ghrúpa faoi 10 sa tír ar Ghaelgeoirí iad. Bhí an Ghaeilge ar tí a báis.

Ach in ainneoin na ndrochchomhathaí sin uilig i measc phobal labhartha na Gaeilge sa 19ú haois, bhí athruithe suntasacha ag tarlú i meon chuid de na haicmí gairmiúla cathracha i leith na Gaeilge go áirithe ag deireadh an chéid. Bhí scoláirí agus lucht léinn tar éis spéis as an nua a chur sna lámhscríbhinní agus i litríocht ársa na Gaeilge. Gineadh bród agus suim sa teanga dá bharr. Cé go raibh na chéadiarrachtaí dírithe ar chaomhnú na teanga agus na seanlitríochta, músclaíodh mórtas cine i measc pobail níos leithne agus áiríodh an teanga anois mar chomhartha féinaitheantais náisiúnta. Cuireadh tús le Gluaiseacht na hAthbheochana mar chuid den ghluaiseacht náisiúnta cultúrtha agus polaitiúil a bhláthaigh ag an am. D'athraigh an bhéim ó chaomhnú na teanga go dtí athbheochan mar ab aidhm do Chonradh na Gaeilge a bunaíodh i 1893.

Bhí Dubhghlás de hÍde agus Pádraig Mac Piarais ina gceannairí ar an gConradh a bhí mar dhlúthchuid den ghluaiseacht náisiúnta. Chuir Conradh na Gaeilge ranganna Gaeilge ar siúl ar fud na tíre agus mhúin siad scríobh agus léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais.

Cé nár éirigh leis an gConradh a phríomhchuspóir a bhaint amach go hiomlán bhí an-tionchur ag Conradh na Gaeilge ar staid na teanga. A bhuíochas do na hiarrachtaí a rinne an Conradh d'aimsigh muintir na hÉireann bród as an nua sa Ghaeilge. Forbraíodh an teanga agus cuireadh in oiriúint í don saol nua-aoiseach. Bunaíodh ortagrafaíocht nua di. Cuireadh tús le litríocht nua-aimseartha. Bhí bláthú faoin bhfoilsitheoireacht sa teanga. Múineadh an Ghaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais. Agus faoi dheireadh nuair a bunaíodh an Saorstát, bhí tacaíocht oifigiúil an stáit taobh thiar di, cuma cé chomh lagbhríoch is lagbheartach is a shamhlaifí é sin sna blianta a bhí le teacht.

Ag Imeacht

This is an engraving that was used in The Illustrated London News in July 1850. It shows the departure of one of the many famine ships setting sail for the United States and the Brittish Colonies in 1850. Hundreds of people gathered at the docks to catch a glimpse of their loved ones as they set sail. For many it would be the last time that they saw their family and friends.

Views of the Famine: http://vassun.vassar.edu/~sttaylor/FAMINE/index.html

Ag Imeacht - Views of the Famine: http://vassun.vassar.edu/~sttaylor/FAMINE/index.html

Oliver Cromwell

Cromwell only spent 9 months in Ireland from August 1649 to May 1650, but his impact was to be everlasting on the island. With fierce brutality Cromwell succeed in completing the English conquest of Ireland where others had failed. Cromwell first set a course to Drogheda. 3,500 men women and children were killed over the two day battle, with the city suffering heavy bombardment. Nearby towns surrendered or evacuated. Less than a month later, Cromwell arrived at Wexford town. Here over 1500 people were slaughtered in the massacre that ensued. Cromwell rested in Youghal until the spring of 1650 and then turned his attention towards Kilkenny and the Tipperary towns of Fethard, Clonmel and Cashel. By May 1650 Ireland had been placed under British rule and Cromwell returned home. Sieges on both Limerick and Galway, the last city under Irish control to fall, ended in October and November 1650 respectively. English rule in Ireland was complete.


Oliver Cromwell -

previousPrevious - Litríocht na Sean-Ghaeilge
Next - An Ghaeilge Inniunext