Naíonáin Shóisearacha & Shinsearacha

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Pdf Leabhar oibre do Naíonáin Shóisearacha & Shinsearacha
Size: 11.0M bytesModified: 10 February 2011, 13:12

Tá na fiosrúcháin agus na gníomhaíochtaí sa leabhar oibre seo tarraingteach do leanaí óga, ar maith leo, ag an aois seo, fiosrú a dhéanamh agus rudaí nua a fhoghlaim. Forbróidh siad a dtuiscint ar an áit agus ar an spás timpeall orthu agus beidh siad ag forbairt go mothaitheach agus go samhlaíoch trí theanga.



Mothóidh na leanaí gur bleachtairí éiceolaíocha iad i ndáiríre trí thailte na scoile a fhiosrú, áit a bhfoghlaimeoidh siad faoi fhéileacáin agus áit a scrúdóidh siad mionainmhithe agus bealaí simplí a bheidh iontu sin chun téamaí timpeallachta agus bithéagsúlachta a chur i láthair do leanaí níos óige.

Spreag na leanaí chun cur síos a dhéanamh ar gach a bhfeiceann siad trí labhairt agus tarraingt. Is fearr na leanaí a thabhairt amach taobh amuigh nuair a bhíonn aimsir thirim ann – baineann gach duine níos mó taitnimh as.

Is féidir leis na leanaí pictiúirí a tharraingt faoina bhfeiceann siad agus faoina bhfaigheann siad; is féidir na pictiúirí seo a chur ar taispeáint sa seomra ranga nó thart fán scoil le go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu!

Ábhar

Fiosrúchán 01: Ár dTimpeallacht Áitiúil

Fiosrúchán 02: Féileacáin agus a dtimpeallachtaí

  • Imscrúdú 02: Céimeanna shaolré féileacáin

Fiosrúchán 03: Ainmhithe agus a dtimpeallachtaí

  • Imscrúdú 03a: Cárta Aitheantais Mionainmhithe
  • Imscrúdú 03b: Tóraíocht Mionainmhithe

Fiosrúchán 04: Na timpeallachtaí a bhfuil an tóir is mó orthu inár scoil

  • Imscrúdú 04a: Cad a thaitneodh le féileacán?
  • Imscrúdú 04b: Cén áit ar thailte na scoile ar mhaith le féileacán cónaí?

Acmhainn idirghníomhach:

  • ‘Saolré Féileacáin’ (le fáil ar CD-ROM freisin)

Rudaí spraoiúla



Láithreáin ghréasáin úsáideacha