Na timpeallachtaí a bhfuil an tóir is mó orthu inár scoil
Príomcheisteanna
Cén chuma atá ar ár dtimpeallacht áitiúil?
Conas a úsáidimid ár dtimpeallacht?
Imlíne
Sa ghníomhaíocht seo déanfaidh na leanaí breathnú ar a dtimpeallacht áitiúil. Déanfaidh siad machnamh ar ghnéithe agus ar dhaoine faoi leith sa cheantar agus déanfaidh siad machnamh ar an tionchar a bhíonn acu ar an timpeallacht áitiúil.
Ullmhúchán
B’fhearr tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo ar lá gur féidir leis na leanaí a gcuid ama a thógáil agus formhór na dtascanna a dhéanamh taobh amuigh.
Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
- breathnú ar a dtimpeallacht áitiúil;
- a chinneadh cibé an bhfuil nithe déanta ag an Nádúr, ag Daoine nó ag an Dá Rud; agus
- tuairisc a thabhairt ar roinnt den tionchar a bhíonn acu féin ar an gceantar.
Acmhainní
- Tailte na scoile
- Bileog (roghnach)
- Páipéar A3 / dramh-pháipéar
- Nithe ó mhálaí scoile na leanaí, lón, etc.
|
Gníomhaíochtaí foghlama
1. Téann na leanaí amach agus labhrann siad faoina dtimpeallacht, lena n-áirítear:
- gnéithe atá déanta ag an nádúr;
- gnéithe atá déanta ag an duine; agus
- gnéithe gur meascán den dá rud iad.
2. Mura bhfuil na gníomhaíochtaí do naíonáin curtha i gcrích ag na leanaí, ba chóir dóibh dul go dtí na háiteanna is fearr leo agus an chúis go dtaitníonn siad leo a phlé.
3. Líonann na leanaí an bhileog imscrúdaithe ‘Cad as a bhfuil sé déanta i ndáiríre?’ chun a gcuid torthaí a thaifeadadh (Imscrúdú 05).
4. Labhrann na leanaí faoin tslí a mbíonn tionchar acu féin ar an timpeallacht.
Nóta
D’fhéadfadh an múinteoir/na leanaí acmhainn ar bith a úsáideann siad ar scoil cheana féin a úsáid maidir leis na gníomhaíochtaí seo. Mar shampla, éiríonn go han-mhaith le úsáid scáthán chun breathnú ar an timpeallacht, mar feiceann na leanaí a dtimpeallacht ‘ó léargas eile’ go hiarbhír.