Fiosrúchán 11

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Turais inár gceantar


Príomhcheist
Cén tionchar a bhíonn ag taisteal chun na scoile ar an gcomhshaol?

Imlíne
Baineann an ghníomhaíocht seo le ceist chrua a úsáid chun saincheist a ardú leis na leanaí agus chun ceisteanna casta nach bhfuil freagraí dearbh-chearta nó dearbh-mhíchearta orthu a phlé. Chomh maith lena smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt, féadfar faisnéis agus eolas iomchuí a chomhtháthú ar bhealach a bhfuil brí leis. Cuirtear i láthair iad mar shraith cártaí a chruthaíonn scéal, de ghnáth; féadfaidh na carachtair a bheith mar fhíor-dhaoine nó mar charactair chumtha. Tá ábhar ar na cártaí a chabhraíonn leis na leanaí eolas cúlra agus tuiscint ar an topaic a fhorbairt.

Ullmhúchán
Caithfear an cheist chrua a fhótachóipeáil ionas go mbeidh cóip ag gach beirt/gach grúpa leanaí. Féadfaidh na leanaí an cheist chrua a ghearradh suas. Tar éis úsáid a bhaint as, is féidir é a choimeád i gclúdach litreach le húsáid arís.

Torthaí foghlama

Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • liosta a dhéanamh de na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le rothaíocht, siúl nó tiomáint chun na scoile;
  • roinnt staitisticí ginearálta faoi rothaíocht chun na scoile in Éirinn agus in áiteanna eile a mheabhrú; agus
  • machnamh a dhéanamh ar a ngníomhartha féin maidir le taisteal chun na scoile.

Acmhainní

  • Bileog na ceiste crua: Ar chóir do Sheán rothaíocht chun na scoile? (Imscrúdú 11)
  • Cártaí déanta as cóip den bhileog aincheiste gearrtha suas
  • Clúdaigh litreach
  • Siosúr
Pdf Imscrúdú 11: Ar chóir do Sheán rothaíocht chun na scoile?
Size: 552.3K bytesModified:  9 February 2011, 16:19

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Tugtar na cártaí do na leanaí. Is éard atá sa scéal ord cásanna ina gcaitear cinneadh a dhéanamh thar ceann na gcarachtar sa scéal.


2. Déanann na leanaí machnamh ar an gceist chrua leo féin, agus ansin le chéile lena gcomhdhaltaí. Ceadaíonn sin dóibh machnamh gníomhach a dhéanamh ar a smaointe féin sula roinneann siad iad le daoine eile agus sula mbíonn tionchar ag a gcomhdhaltaí orthu. Tá sé an-tábhachtach in obair ghrúpa caoinfhulaingt agus tuiscint a chur chun cinn; d’fhéadfaí é sin a chinneadh le chéile leis an rang. Tá an díospóireacht agus an argóint mar chuid den spraoi, áfach!

3. Cuireann na leanaí a gcuid smaointe ar an gceist bhunaidh in iúl.

Nóta
• Féach www.smartertravel.ie le haghaidh tuilleadh eolais agus smaointe.