Gach a ndéanaimid!
Príomhcheisteanna
Cé na gníomhaíochtaí a imríonn tionchar ar an gcomhshaol?
Conas a fhéadfaimid an tionchar a bhíonn againn ar an gcomhshaol a laghdú – ach spraoi a bheith againn fós?
Imlíne
Sna gníomhaíochtaí seo, déanann na leanaí machnamh ar a gcuid gníomhartha agus ar an tionchar a bhíonn ag a gcuid gníomhartha ar an gcomhshaol.
Ullmhúchán
Tá spás ag teastáil do go leor de na gníomhaíochtaí seo agus beidh na leanaí ag obair ina ngrúpaí. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí seo a chur i gcríoch ag tús na ngníomhaíochtaí eile ar athrú aeráide.
Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
- an tionchar a bhíonn ag a ngníomhartha ar an gcomhshaol a aithint; agus
- fios a bheith acu go bhfuil tionchar diúltach nach bhfuil chomh dona ag roinnt gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol.
Acmhainní
- Roghnaigh ó chártaí acmhainní 1-26 nó úsáid íomhánna ilghnéitheacha ó irisí agus ó nuachtáin
- Píosaí beaga dramh-pháipéir, thart ar 3cm x 3cm, nó nótaí ‘Post-It’.
|
|
|
Gníomhaíochtaí foghlama
1. Scaip na grianghraif ar urlár an tseomra ranga agus iarr ar na leanaí siúl timpeall orthu, ag breathnú ar gach ceann acu.
2. Iarr ar na leanaí (ina n-aonair nó i mbeirteanna) grianghraf a thaitníonn leo a roghnú.
3. Iarr ar na leanaí labhairt faoin ngrianghraf ina mbeirteanna, ag a mboird.
4. Iarr ar na leanaí iad féin a tharraingt ar phíosa beag páipéir nó ar pháipéar ‘greamaitheach’ buí. Cuir an pictiúr díobh féin sa phictiúr. Iarr orthu a gcéadfaí a úsáid:
- Cad is féidir leat a chloisteáil?
- Cad is féidir leat a fheiceáil?
- Cad is féidir leat a bholú?
- Conas a mhothaíonn tú?
6. Cuir na leanaí ag labhairt faoin ngníomhaíocht atá ar bun acu sa phictiúr.
7. Agus an rang ar fad ina seasamh, déan na pictiúir a rangú de réir cé acu a bhfuil an tionchar is lú nó is mó acu ar an gcomhshaol. Tá sé beagnach dodhéanta an tasc sin a chur i gcríoch, ach tugann sé deis do na leanaí smaoineamh ar thionchair éagsúla ar an gcomhshaol.
- Gníomhaíochtaí lena mbaineann tionchar beag: súgradh, rothaíocht, siúl, athchúrsáil.
- Gníomhaíochtaí lena mbaineann tionchar mór: eitilt, tiomáint.
8. Trí Imscrúdú 14a a úsáid, cuir na leanaí ag plé na rudaí a dhéanann siad ó lá go lá.
9. Iarr ar na leanaí na gníomhaíochtaí in ‘Rudaí a D’Fhéadfaí a Dhéanamh’ (Imscrúdú 14b) a ghearradh amach agus a rangú i gcolúin le taobh a chéile:
- Cad iad na gníomhaíochtaí a bhfuil an tionchar dearfach is mó acu maidir leis an méid a chuireann siad le hAthrú Aeráide a laghdú?
- Cad iad na cinn is éasca le déanamh?
10. Déan Meabhairmhapa! Féach Imscrúdú 14c.