An Cat Crainn
Cur síos maith atá in ainm Gaeilge an ainmhí seo. Feoiliteoir éalaitheach is ea é a fhaightear in iarthar na tíre don chuid is mó. Téann sé ag seilg istoíche de ghnáth agus itheann sé péisteanna, ciaróga, seilidí, froganna, luchóga, éin bheaga agus uibheacha éan mar aon le torthaí na coille.
Pine Marten
The ‘tree cat’ – the Irish name for the pine marten – describes it well. This elusive carnivore is found mostly in the west of Ireland. It hunts mainly by night, eating worms, beetles, snails, frogs, mice, small birds and birds’ eggs, as well as forest fruits.