|
Tá na fiosrúcháin agus na gníomhaíochtaí sa leabhar oibre seo tarraingteach do leanaí óga, ar maith leo, ag an aois seo, fiosrú a dhéanamh agus rudaí nua a fhoghlaim. Forbróidh siad a dtuiscint ar an áit agus ar an spás timpeall orthu agus beidh siad ag forbairt go mothaitheach agus go samhlaíoch trí theanga.
Mothóidh na leanaí gur bleachtairí éiceolaíocha iad i ndáiríre trí thailte na scoile a fhiosrú, áit a bhfoghlaimeoidh siad faoi fhéileacáin agus áit a scrúdóidh siad mionainmhithe agus bealaí simplí a bheidh iontu sin chun téamaí timpeallachta agus bithéagsúlachta a chur i láthair do leanaí níos óige.
Spreag na leanaí chun cur síos a dhéanamh ar gach a bhfeiceann siad trí labhairt agus tarraingt. Is fearr na leanaí a thabhairt amach taobh amuigh nuair a bhíonn aimsir thirim ann – baineann gach duine níos mó taitnimh as.
Is féidir leis na leanaí pictiúirí a tharraingt faoina bhfeiceann siad agus faoina bhfaigheann siad; is féidir na pictiúirí seo a chur ar taispeáint sa seomra ranga nó thart fán scoil le go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu!
Ábhar
Fiosrúchán 01: Ár dTimpeallacht Áitiúil
Fiosrúchán 02: Féileacáin agus a dtimpeallachtaí
- Imscrúdú 02: Céimeanna shaolré féileacáin
Fiosrúchán 03: Ainmhithe agus a dtimpeallachtaí
- Imscrúdú 03a: Cárta Aitheantais Mionainmhithe
- Imscrúdú 03b: Tóraíocht Mionainmhithe
Fiosrúchán 04: Na timpeallachtaí a bhfuil an tóir is mó orthu inár scoil
- Imscrúdú 04a: Cad a thaitneodh le féileacán?
- Imscrúdú 04b: Cén áit ar thailte na scoile ar mhaith le féileacán cónaí?
Acmhainn idirghníomhach:
- ‘Saolré Féileacáin’ (le fáil ar CD-ROM freisin)
Rudaí spraoiúla
Láithreáin ghréasáin úsáideacha
- www.change.ie
- www.enfo.ie
- www.epa.ie
- www.noticenature.ie
- www.greenschoolsireland.org
- www.changeblog.ie (cláraigh anseo chun ríomh-iris mhíosúil ar an gcomhshaol a fháil)