Féileacáin aguas a dtimpeallachtaí
Príomhcheisteanna
Cad is féileacán ann?
Cad a tharlaíonn i saol féileacáin?
Imlíne
Imscrúdú a dhéanamh leis na leanaí ar shaolréanna agus ar ghnáthóga féileacán agus plé a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag fachtóirí lasmuigh orthu.
Ullmhúchán
Faigh cóip de ‘The Very Hungry Caterpillar’ le Eric Carle nó leabhar den sórt céanna.
Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
- cur síos a dhéanamh ar bholb, ar ubh, ar chrisilid (pupa) agus ar fhéileacán;
- smaoineamh faoi roinnt bianna a itheann boilb; agus
- cur síos a dhéanamh ar shaolré féileacáin.
Acmhainní
- ‘The Very Hungry Caterpillar’ le Eric Carle (le fáil i mBéarla agus i nGaeilge ó na díoltóirí leabhar ISBN: Béarla 0-399-22690-7; Gaeilge 9789999323376)
- Bileog acmhainne: Céimeanna de shaolré féileacáin (Fiosrúchán 02) – le fótachóipeáil agus le gearradh i gceithre phíosa le siosúr.
- Gné idirghníomhach ‘Saolré Féileacáin’ san áireamh ar CD-ROM
(le fáil chomh maith ar www.enfo.ie)
Gallery
|
Gníomhaíochtaí foghlama
1. Léigh ‘The Very Hungry Caterpillar’ don rang. Déan plé ar chéimeanna shaolré féileacáin.
2. Críochnaigh an ghníomhaíocht sórtála ag baint úsáide as an mbileog acmhainne: Céimeanna shaolré féileacáin (Imscrúdú 02).
- Ubh - Beireann an mháthair an ubh, atá chomh mór le ceann bioráin ar dhuilleog. Beireann siad an ubh ar dhuilleog ionas go mbeidh rud le hithe acu nuair a thagann siad amach.
- Boilb - Ar nós an Hungry Caterpillar, itheann boilb go leor bia ag brath ar a méid, ionas go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag fás (déanann siad sin ar feadh 12-14 lá).
- Crisilid (pupa) – Fásann crisilid (pupa) ar an mbolb chun é féin a chosaint agus é ag athrú. Tugtar pupa air ag an gcéim seo. De ghnáth bíonn an chrisilid i bhfastó de phíosa de chrann (de ghnáth maireann an chéim seo ar feadh seachtaine).
- Féileacán - Tagann sé amach as an gcrisilid (pupa). Bíonn sé dhá uair an chloig sula féidir leis eitilt.
3. Labhraíonn na leanaí, i mbeirteanna faoi na céimeanna i saol féileacáin.
Nótaí
• Ag brath ar an am den bhliain, d’fhéadfadh na múinteoirí úsáid a bhaint arís as obair allamuigh chun féileacáin a aimsiú ar thailte na scoile.
• Tá go leor beochan mhaith de shaol féileacán ar líne, go háirithe ar YouTube, a d’fhéadfaí a úsáid tar éis na gníomhaíochta sórtála cártaí, ar mhaithe le hatreisiú.
•Tá pacáistí, bréagáin éagsúla srl. a ghabhann le leabhar Eric Carle le fáil i siopaí bréagán.