Fiosrúchan 2

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Féileacáin aguas a dtimpeallachtaí


Príomhcheisteanna
Cad is féileacán ann?
Cad a tharlaíonn i saol féileacáin?

Imlíne
Imscrúdú a dhéanamh leis na leanaí ar shaolréanna agus ar ghnáthóga féileacán agus plé a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag fachtóirí lasmuigh orthu.

Ullmhúchán
Faigh cóip de ‘The Very Hungry Caterpillar’ le Eric Carle nó leabhar den sórt céanna.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • cur síos a dhéanamh ar bholb, ar ubh, ar chrisilid (pupa) agus ar fhéileacán;
  • smaoineamh faoi roinnt bianna a itheann boilb; agus
  • cur síos a dhéanamh ar shaolré féileacáin.

Acmhainní

  • ‘The Very Hungry Caterpillar’ le Eric Carle (le fáil i mBéarla agus i nGaeilge ó na díoltóirí leabhar ISBN: Béarla 0-399-22690-7; Gaeilge 9789999323376)
     
  • Bileog acmhainne: Céimeanna de shaolré féileacáin (Fiosrúchán 02) – le fótachóipeáil agus le gearradh i gceithre phíosa le siosúr.
     
  • Gné idirghníomhach ‘Saolré Féileacáin’ san áireamh ar CD-ROM
    (le fáil chomh maith ar www.enfo.ie)

Gallery

Ubh


Ubh -

Boilb


Boilb -

Crisilid (pupa)


Crisilid (pupa) -

Feileacán


Feileacán -
Binary Imscrúdú 2: Céimeanna saolré féileacáin


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Léigh ‘The Very Hungry Caterpillar’ don rang. Déan plé ar chéimeanna shaolré féileacáin.


2. Críochnaigh an ghníomhaíocht sórtála ag baint úsáide as an mbileog acmhainne: Céimeanna shaolré féileacáin (Imscrúdú 02).

  • Ubh - Beireann an mháthair an ubh, atá chomh mór le ceann bioráin ar dhuilleog. Beireann siad an ubh ar dhuilleog ionas go mbeidh rud le hithe acu nuair a thagann siad amach.
     
  • Boilb - Ar nós an Hungry Caterpillar, itheann boilb go leor bia ag brath ar a méid, ionas go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag fás (déanann siad sin ar feadh 12-14 lá).
     
  • Crisilid (pupa) – Fásann crisilid (pupa) ar an mbolb chun é féin a chosaint agus é ag athrú. Tugtar pupa air ag an gcéim seo. De ghnáth bíonn an chrisilid i bhfastó de phíosa de chrann (de ghnáth maireann an chéim seo ar feadh seachtaine).
     
  • Féileacán - Tagann sé amach as an gcrisilid (pupa). Bíonn sé dhá uair an chloig sula féidir leis eitilt.

3. Labhraíonn na leanaí, i mbeirteanna faoi na céimeanna i saol féileacáin.

Nótaí

• Ag brath ar an am den bhliain, d’fhéadfadh na múinteoirí úsáid a bhaint arís as obair allamuigh chun féileacáin a aimsiú ar thailte na scoile.

• Tá go leor beochan mhaith de shaol féileacán ar líne, go háirithe ar YouTube, a d’fhéadfaí a úsáid tar éis na gníomhaíochta sórtála cártaí, ar mhaithe le hatreisiú.

•Tá pacáistí, bréagáin éagsúla srl. a ghabhann le leabhar Eric Carle le fáil i siopaí bréagán.