An Ghaeilge Inniu

In ainneoin tuar an bháis go minic i leith na Gaeilge, níor tháinig an tuar faoin tairngreacht agus maireann an teanga isteach sa 21ú haois is í ag seasamh an fód i gcónaí. Tá go leor contrárthachtaí sa scéal áfach. Ar thaobh amháin leanann an titim i líon na gcainteoirí sna Gaeltachtaí ach tá méadú thar cuimse tagaithe ar úsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc sna bailte is sna cathracha. Agus fós tá comharthaí dóchais le sonrú ar staid fhreacnaiceach na teanga. Dar leis an taighde theangeolaíoch is déanaí, tá an Ghaeilge ar an 10% de theangacha an domhain nach bhfuil i mbaol go mbásfaidh siad gan mhoill. Dar le saineolaithe tá dhá chúinse a chiallaíonn nár bhaol go fóill do theanga:

(i) 100,000 nó níos mó a bheith mar phobal urlabhra aici; nó
(ii) tacaíocht oifigiúil stáit a bheith taobh thiar di.

Tá an dá cháilíocht thuas ag an nGaeilge. Do theanga a bhí chomh gar don mbás is a bhí an Ghaeilge ag deireadh an 19ú haois is geall le míorúilt é an cás a bheith amhlaidh.

Tá 30,000 cainteoir dúchais Gaeilge ann inniu le 100,000 eile a labhrann an teanga go rialta. Tá méadú i gach daonáireamh i líon na ndaoine a mhaíonn líofacht éigin sa teanga. Aithníonn formhór de mhuintir na hÉireann an Ghaeilge mar chomhartha féinaitheantais agus tacaíonn siad go fóill le teagasc na Gaeilge sna scoileanna.

Tá tacaíocht an stáit ag an nGaeilge freisin, cé gur minic a ceistítear dáiríreacht agus dúthracht an stáit ina leith, agus admhaíonn Bunreacht na hÉireann stádas oifigiúil na teanga. Tá Acht Teanga rite le déanaí ag an Rialtas a thugann tuilleadh cearta reachtaíochta do lucht labhartha na teanga.

In sna Gaeltachtaí a chónaíonn formhór mór na gcainteoirí dúchais agus is iontu a labhartar an Ghaeilge go fóill mar theanga phobail. Tá ceantair Ghaeltachta i gCúige Mumhan- Corcha Dhuibhne, Múscraí, agus Rinn ó gCuanach; i gCúige Chonnacht - Connamara agus Muigh Eo; agus i gCúige Uladh - Tír Chonaill. Tá Ghaeltacht bheag i gCúige Laighean freisin, i Rath Cairn, Co. na Mí. Anuas air sin tá méadú suntasach ar an líon daoine a mhaíonn go labhrann siad Gaeilge ar bhonn rialta nó laethúil i gceantair chathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

I 1991, mhaígh 140,000, 10% den phobal i dTuaisceart Éireann go raibh cumas éigean acu sa Ghaeilge. Tá feabhas mór tagaithe ar stádas na teanga sa Tuaisceart ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Bunaíodh státeagras trasteorainn Foras na Gaeilge le freagracht reachtúil a ghlacadh i leith forbairt na teanga ar an dá thaobh den teorainn.

Is i mBéal Feirste a foilsítear Lá, an t-aon nuachtán laethúil sa Ghaeilge. Foilsítear an príomhnuachtán náisiúnta eile Ghaeilge Foinse i nGaeltacht Chonamara.

Tá forbairtí ar nós forbairtí sna meáin - Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, agus go speisialta bunú TG4, an chéad stáisiún teilifíse trí Ghaeilge, tar éis cur go mór le hathrú agus athbheochan in íomhá na Gaeilge go háirithe i measc an aos óg. Mar shampla, breathnaíonn suas le 270,000 duine ar Ros na Rún, sobalchlár TG4 in aon tseachtain.

Tá an Ghaeilge inniu á cur chun cinn trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is nua-aimseartha. Tá an Ghaeilge le feiceáil go sonrach mar shampla ar an idirlíon. Tá méadú ar teacht in aghaidh an lae ar an méid daoine fásta atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim tríd an idirlíon nó atá ag freastal ar ranganna teanga in Éirinn nó thar lear. Athrú suntasach é sin do theanga a bhí ar leic an bháis céad bliain ó shin.

Go maire sí beo!


previousPrevious - Meath agus Athbheochan
Next - Litríocht na Gaeilgenext