Litríocht na Gaeilge

Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois, ceann de na príomhaidhmeanna bhí aige ná tús a chur le litríocht nua sa Ghaeilge. Ní beag an obair san. Ní raibh aon chaighdeán litrithe ná gramadaí ag an teanga san am agus bhí an chuid is mó de na cainteoirí dúchais gan léamh ná scríobh na Gaeilge cé go raibh siad oilte i dtraidisiún béil a bhí an-saibhir. Chomh maith leis sin bhí na cineálacha litríochta a tháinig chun cinn i dteangacha eile na hEorpa ón 18ú haois ar aghaidh, mar shampla an t-úrscéal, in easnamh sa Ghaeilge.

Ba é Séadna, an chéad saothar nuaphróis ar éirigh go maith leis sa Ghaeilge. Athinsint ab ea é ar scéal béaloideasa ag an tAthair Peadar Ó Laoghaire, duine mór le rá i nGluaiseacht na hAthbheochana.
Chuir Conradh na Gaeilge roimhe ábhair léite a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí chomh maith le bonn a leagadh síos do nua-litríocht. An fáth gur éirigh leo dhá chuspóir a bhí chomh difriúil óna chéile a chur i bhfeidhm ná go raibh scríbheoirí cruthaitheacha den chéad scoth ina measc. Orthu san bhí Pádraig Mac Piarais, a scríobh idir fhilíocht agus ghearrscéalta, agus Pádraic Ó Conaire. Chomh maith le gearrscéalta a scríobh a bhí gar do thraidisiún nua-aimseartha na hEorpa scríobh Ó Conaire úrscéal osréalaíoch trialach dar teideal Deoraíocht a bhí suite cuid mhór i Londain. Bhí stíl an tsaothair seo chomh difriúil ó insint an scéil bhéaloideasa agus a d'fhéadfadh a bheith.Beirt eile a shaothraigh an nuaphrós ná na deartháireacha Conallacha Seosamh Mac Grianna a chleacht stíl phearsanta nua-aimsearach agus Séamas Ó Grianna (Máire) a bhí i bhfad níos gaire don traidisiún béil ó thaobh ábhair agus stíle de.

Cuireadh tús freisin le traidisiúna drámaíochta sa Ghaeilge. Dubhghlás de hÍde a scríobh Casadh an tSúgáin, an chéad dráma Gaeilge a léiríodh den chéad uair in Amharchlann an Gaiety i mBaile Átha Cliath i 1901. Nuair a bunaíodh an stát tugadh tacaíocht oifigiúil do fhoilsitheoireacht sa Ghaeilge. Bunaíodh An Gúm, foilsitheoir oifigiúil an Stáit. D'aistrigh An Gúm cuid mhaith de chlasaicí an Bhéarla agus na hEorpa go Gaeilge.

Foilsíodh gach cineál litríochta i nGaeilge sna triochaidí is sna daichidí, litríocht seánra, gearrscéalta, filíocht, drámaí aonghnímh agus thar aon rud eile, dírbheathaisnéisí. Baineann na cinn is cáiliúla díobh san leis na Blascaoid: An tOileánach le Tomás Ó Criomhthainn; Machnamh Seanmhná le Peig Sayers; agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

Ba í an fhilíocht an fhoirm liteartha ba thábhachtaí sa ré iarchogaidh. Airítear trí mhórfhile ar an nglún sin, Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi. An Ríordánach an duine ba ghaire ó thaobh meitifisice de dá chomhfhilí Eorpacha.

Níl aon amhras ach gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir próis ba mhó sa tréimhse chéanna. Áirítear Cré na Cille, suite i reilig i gCois Fharraige, áit dhúchais an Chadhnaigh, mar tour de force ar mhórshaothar próis na Nua-Ghaeilge é.

Tá bláthú agus borradh faoi litríocht na Gaeilge i gcónaí. Tá an fhoisitheoireacht go beo beathaíoch ag foisiú teideal de gach cineál. Agus de bharr a saothar a bheith ar fáil in aistriúcháin tá scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge níos feiceálaí ná mar a bhí siad riamh, ní hamháin in Éirinn ach thar lear freisin.

Tá an fhilíocht ar an bhfoirm liteartha is saothraithe sa Ghaeilge, b'fhéidir, agus is mó cáil. Tháinig glún nua filí ar an bhfód sna 1970aí atá fós i mbarr a réime. Filí Innti a thugtar orthu go minic. Orthu san tá Nuala Ní Dhomhnaill, Micheal Davitt, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Baineann an file Conallach Cathal Ó Searcaigh leis an nglún seo freisin. Filí eile a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo ná Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn agus an file Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn. Is í Nuala Ní Dhomhnaill an file Gaeilge is mó le rá ar fad. Tá a saothar aistrithe go mórán teangacha.

I measc na scríbhneoirí próis tá Joe Steve Ó Neachtain, Pádraig Breathnach, Seán Mac Mathúna, Pádraig Ó Cíobháin agus Micheál Ó Conghaile. Antaine Ó Flaithearta an drámadóir is mó cáil sa Ghaeilge, b'fhéidir.


previousPrevious - An Ghaeilge Inniu
Next - Translation: Irish Language and Literaturenext