Bruíon Dá Dearga

Bhí cáil riamh ar mhuintir na hÉireann as a bhfáilte agus a bhféile. Fadó, bhíodh bruíonta, nó tithe fáilte, ar bhóithre na hÉireann. Bhíodh na bruíonta seo suite, de ghnáth, ag crosbhóthar, doras amháin den teach ar aghaidh gach bealaigh. Chuirtí solas ar lasadh ar feadh na hoíche agus bhíodh stór maith bia agus dí istigh. Bhíodh an seasamh céanna faoin dlí ag maor na bruíne agus a bhíodh ag rí na tíre .

Bhí Bruíon Dá Dearga ar ceann de na tithe fáilte ba mhó cáil in Éirinn. Níl na scoláirí ar aon tuairim faoin áit a raibh sí suite. Síleann cuid díobh go raibh sí suite ar bhruach na Dothra gar do Thamhlacht, nó, tá baile fearainn, a dtugtar Bóthar na Bruíne air, sa cheantar sin.

Tá Toghail (scriosadh) Bruíne Dá Dearga ar cheann de na seanscéalta a bhaineann leis an gceantar.

Bhí rí in Éirinn darbh ainm dó Conaire. Bhí rath agus séan ar an tír faoina réimeas. Thiocfadh deireadh le sin, ámh, gan mhoill. Chuir a chuid mac altramais, mic Donn Deasa, buíon chreachadóiri le chéile, a raibh sé de nós acu muca agus ba a robáil. Rinne siad é seo féachaint cén dochar a d'fhéadfaidis a dhéanamh don rí agus cén phíonós a chuirfeadh sé orthu.

Chuaigh cuid mac Chonaire Mór féin sa bhuíon leo. Gabhadh an t-iomlán acu agus dhíbir Conaire as Éirinn iad. Fad a raibh siad faoi dheoraíocht bhuail siad le Ingcel caoch, a bhí freisin faoi dheoraíocht. Ba mhac leis na Briotanaigh é Ingcel. Bhí an-spéis aige sa mhéid a bhí le rá ag mic altramais Chonaire Mór faoi Éire. Shanntaigh sé saibhreas na tíre.

D'iarr sé ar na deartháireacha cabhrú leis Éire a chreachadh. Chuir siad arm le chéile agus tháinig I dtír ar chósta Bhaile Átha Cliath in aice le Beann Eadair.

An Bhruíon Scriosta go h-Iomlán

Bhí Conaire imithe go deisceart na tíre ag an am sin chun aighneas a réiteach. Ar a bhealach ar ais go Teamhar chinn sé ar stopadh ar feadh na h-oíche. Thug sé cuairt ar a sheanchara, Dá Dearga, sa bhruíon I nGleann an Smóil. Chuir Dá Dearga failte mór roimhe.

Bhí an Bhruíon suite sa chaoi gur shní Abhainn na Dothra trína lár. Bhí go leor doirse ann ach gan ach aon chomhla amháin. Cuireadh an chomhla i pé doras a raibh an ghaoth ag séideadh tríd.

Rinne Ingcel agus a lucht leanúna faire ar an mbruíon. Bhí a fhios acu go raibh Conaire Mór istigh. Bhí an bhruíon lán de laochra, ceoltóiri ag casadh ceoil agus lamhchleasaíocht iontach ar siúl. Bhí Dá Dearga agus a chuid searbhóntaí ag dáileadh bia agus dí.

Rinne Ingcel ionsaí ar an mbruíon agus thimpeallaigh í. Thosnaigh coimhlint mhór. Cuireadh an bhruíon trí thine, ach múchadh an tine. Thug Conaire Mór agus a lucht leanúna fogha faoin namhad. Maraíodh na céadta. D'ionsaigh an namhad an bhruíon arís agus chuir trí thine arís í. Cuireadh an bhruíon trí thine trí huaire agus múchadh na lasracha le huisce ón Dothra agus leis an bhfíon a bhí sa teach trí huaire.

D'iarr Ingcel ar dhuine dá dhraoithe Conaire a chur faoi dhraíocht. Tháinig tart uafásach ar Chonaire dá dheasca seo. Bhí troid mhór déanta ag Conaire ach níorbh fhéidir leis troid a thuilleadh gan deoch a fháil. D'impigh sé deoch uisce. Bhí an t-uisce ídithe de bharr múchadh na tine. D'imigh duine dá ghiollaí, Mac Cecht, ar thóir uisce don rí.

Shiúil Mac Cecht Éire uile ar thóir uisce. Lean an troid ach bhí Conaire marbh leis an dtart. Faoi dheireadh d'aimsigh MacCecht Uisce I Loch Gara i Ros Comáin. Líon sé an soitheach órga.

Nuair a d'fhill sé ar an mbruíon, áfach, bhí na cosantoirí uile marbh roimhe. Chonaic sé beirt de na hionsaitheoirí ag baint an chloigeann de Chonaire. Mharaigh sé iad agus dhoirt an t-uisce trí mhuineál Chonaire a bhí gan chloigeann. Ghabh ceann an rí buíochas leis agus fuair bás ansin. Bhí an bhruíon scriosta go h-iomlán.

Gallery


previousPrevious - Fionn agus na Fianna
Next - Teach Seanbhábhúnnext