Fionn agus na Fianna

Fadó b'iad Fionn agus na Fianna arm Ard Rí na hÉireann. Chosain siad an rí ar éinne a dhéanfadh ionradh air, nó a bheadh ag iarraidh an ríocht a bhaint dó agus é a mharú. Ba é Fionn Mac Cumhaill an ceannaire ab fhearr ar na Fianna riamh.

Ba bhreá le Fionn dul ag seilg i nGleann an Smóil in Uachtar Ghleann na Dothra. Ba mhinic a théadh sé ag seilg leis an dá mhadra ab fhearr leis, Bran agus Sceolan. Théadh siad ar thóir an fhia rua, a raibh flúirse díobh sa tír ag an am sin.

Tugtar Suí Finn ar shliabh atá suite os cionn Ghleann an Smóil. Is ansin, a deirtear, a shuíodh Fionn agus na Fianna chun féasta i ndiaidh na seilge.

Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag seilg i nGleann an Smóil, chuaigh siad ar thóir fhia mhóir fhireann. Bhuail siad le triúr ban álainn a thairg bia agus deoch dóibh. Lá brothallach a bhí ann agus ghlac na fir go toilteanach leis an dtairiscint. Shuigh siad síos ar an bhféar bog agus thosaigh ag ól as na cupáin. Go tobann tháinig pairilis orthu. Cé go raibh radharc na súl acu agus go raibh siad in ann caint, ní fhéadfaidís bogadh.

Ghlac na mná chucu sleánna agus claimhte agus rinne siad bagairt ar laochra na Fianna.

Tá cáil ar Fhionn as neart a láimhe, a dúirt duine díobh, agus is é mian chroí ár mbanríon go bpósadh sí é. Thug bean díobh gean do Dhiarmuid, duine de na Fianna. Bhí an t-ainm "Diarmuid an spota ghrá" air, agus deirtear nach bhféadfadh bean a croí a chosaint air. Shuigh sí in aice leis agus níorbh fhéidir léí srian a chur uirthi féin. Phóg sí Diarmuid ar an mbéal. Briseadh an draíocht agus tháinig malairt deilbhe ar na mná oga. Ina n-ionad bhí triúr chailleach. Mharaigh Fionn agus na Fianna iad agus theith siad.


previousPrevious - Oisín agus Naomh Pádraig (agus scealtaí eile as Gaeilge)
Next - Bruíon Dá Dearganext